Ulysses S. Grant
Ba é Ulysses S. Grant (27 Aibreán, 1822 – 23 Iúil, 1885) ceannaire fhórsaí an Aontais i gCogadh Cathartha Mheiriceá, an 18ú uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus laoch cogaidh. Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta, 1869 go dtí an 3 Márta, 1877.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ulysses Simpson Grant in Ohio. Rugadh a shin-seanathair, John Simpson, in Dergina, idir Dún Geanainn agus Baile Uí Dhálaigh, sa bhliain 1738 agus d’aslonnaigh sé in Ohio in 1760.[1]
Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Ulysses Grant ina ghinearál ar na fórsaí an Tuaiscirt i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe.
Nuair a d'éirigh le Grant Vicksburg a shealbhú in Iúil 1863, bhí abhainn Mississippi faoi smacht an Tuaiscirt, agus críocha an Deiscirt scoilte.
Chuir Ulysses Grant sraith de chathanna fuilteacha ar Robert Lee i Virginia i rith an tsamhraidh 1864. I rith na bliana 1864, tháinig an chuma ar an scéal go raibh an cogadh ag teip ar an Deisceart, ó bhí an Tuaisceart i bhfad ní ba láidre ó thaobh na heacnamaíochta, an daonra, na tionsclaíochta, na geografaíochta, na heagraíochta polaitiúla agus an chórais iompair de.
Bhí Lee ábalta é féin a chosaint agus an-damáiste a dhéanamh do shluaite Grant, ach ní raibh saighdiúirí úra ar fáil do Lee ina n-áit siúd a básaíodh air i machaire an áir.
Sa bhliain 1865, thit an tóin as an gCónaidhm, nuair a ghéill Lee do Grant i dTeach na Cúirte in Appomattox.
Uachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne na Stáit Aontaithe coir as breithrialú ar bhonn graostachta sa bhliain 1873, nuair a ritheadh an Dlí Comstock[2] D'éirigh ábhar frithghiniúnach aindleathach. Shínigh an tUachtarán Ulysses S. Grant an reachtaíocht ina dhlí ar an 2 Máirt 1873.
Cuairt ar Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Grant cuairt ar Éirinn sa bhliain 1879. Bhí cáil dhomhanda ar na leoin i Zú Bhaile Átha Cliath. Tháinig sé chun iad a fheiceáil, i measc rudaí eile.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An tUltach (2020-04-20). "Ar an Lá Seo: Ulysses S Grant, Uachtarán SAM - An tUltach". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-20. Dáta rochtana: 2020-11-21.
- ↑ "Comstock Act of 1873" (as en) (2024-08-28). Wikipedia.
- ↑ "Remembering Ulysses S Grant and his visit to Ireland" (en). Ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-08-10. Dáta rochtana: 2020-11-21.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta SAM
- Daoine a rugadh i 1822
- Básanna i 1885
- Básanna de bharr ailse
- Cogadh Meicsiceach-Meiriceánach
- Críostaithe
- Daoine i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe
- Fir
- Ginearáil
- Gníomhaithe cearta daonna Meiriceánacha Afracacha
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Uachtaráin na Stát Aontaithe
- Meiriceánaigh de bhunadh na hÉireann