[go: up one dir, main page]

Jump to content

Meice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMeice
مكة المكرمة (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 21° 25′ 21″ N, 39° 49′ 34″ E / 21.4225°N,39.8261°E / 21.4225; 39.8261
Stát ceannasachan Araib Shádach
Cúige de chuid na hAraibe SádaíCúige Mheice Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Ríocht Hejaz (1916–1925)
Ríocht Nejd agus Hejaz (1925–1932)
Cúige Mheice (1932–)
The Holy Capital Governorate (en) Aistrigh (1932–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,427,924 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,194.64 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla760 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde277 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisKhalid bin Faisal Al Saud Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód1 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinhmm.gov.sa Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair mhór í Meice (Araibis: Makkah al-Mukarramah, مكة المكرمة) san Araib Shádach, príomhchathair Chúige Mhakka.

De réir dhaonáireamh 2004 is é líon a lucht cónaithe 1,294,168.

Masjid Al Haram, Meice.
Meice, An Araib Shádach agus leithcheal ar bhonn creidimh: bealach amháin do Mhoslamaigh, bealach eile do dhaoine eile.

Is í Meice an chathair is naofa in Ioslam. Tá al-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir na Moslamach.

Masjid Al Haram. Meice

Is cathair oilithreachta í Meice. Tá oilithreacht bhliantúil ann, an hajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach an hajj a dhéanamh uair amháin i saol an duine, ar a laghad.

Tarlaíonn an hajj i mí Du al-Hijja, an deireanach san fheisire na gealaí Ioslamach. Glacann na milliúin Moslamach páirt ann gach bliain.

Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí den hajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an t-am céanna.

Makkah, in aice le Meice, ó Abraj Al-Bait.

Ar an 24 Meán Fómhair 2015, bhí timpeall 2,500 básaithe;[1] b'amhlaidh a brúadh i mullach a chéile iad. Dúirt an rialtas nach maraíodh ach 700, agus gur bhraith sé go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh,[2]

Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. en.wikipedia.org (2024-06-23). "2015 Mina stampede" (as en). Wikipedia. 
  2. Nuacht RTÉ (2015-09-25). "Bainistiú na hoilithreachta Haj cosanta" (as ga-IE).