[go: up one dir, main page]

Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fianáin

Le go n-oibreoidh na suíomhanna gréasáin a bhainistíonn an Coimisiún i gceart, tarlaíonn sé uaireanta go gcuirimid comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar fianáin, ar do ghléas.

Cad is fianán ann?

Is comhad beag téacs é an fianán. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin sábhálann an suíomh gréasáin an fianán ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste.

  • Is éard is fianáin chéadpháirtí ann fianáin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní fhéadann ach an suíomh gréasáin sin na fianáin sin a léamh. Ina theannta sin, féadfaidh suíomh gréasáin seirbhísí seachtracha a úsáid, agus féadfaidh na seirbhísí sin a bhfianáin féin, ar a dtugtar fianáin tríú páirtí, a shocrú freisin.
  • Is éard atá sna fianáin rianaithe fianáin a shábháiltear ar do ríomhaire ach nach scriostar go huathoibríoch ar do bhrabhsálaí nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí, murab ionann is fianán neamhbhuan, rud a scriostar nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.

Gach uair a théann tú chuig suíomhanna gréasáin an Choimisiúin, iarrtar ort glacadh le fianáin nó iad a dhiúltú.

Déantar amhlaidh ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin cuimhneamh ar do shainroghanna (mar shampla d’ainm úsáideora, do theanga, etc.) ar feadh tréimhse áirithe ama.

Ar an dóigh sin, ní gá duit iad a chur isteach arís agus tú ag brabhsáil ar an suíomh le linn na cuairte céanna.

Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna gréasáin.

Conas a úsáidtear fianáin?

Úsáideann na suíomhanna gréasáin a bhainistíonn an Coimisiún Eorpach fianáin chéadpháirtí den chuid is mó. Is fianáin iad seo atá socraithe agus rialaithe ag an gCoimisiún Eorpach, ní ag aon eagraíocht sheachtrach.

Chun amharc ar chuid dár leathanaigh, áfach, beidh ort glacadh le fianáin ó eagraíochtaí seachtracha.

Bíonn na 3 chineál d’fhianán céadpháirtí a úsáidimid ann chun:

  • sainroghanna cuairteoirí a stóráil
  • ár suíomhanna gréasáin a chur i mbun feidhme
  • sonraí anailísíochta a bhailiú (maidir le hiompraíocht úsáideoirí).

1 Sainroghanna cuairteoirí

Is sinne a shocraíonn iad agus is linne amháin is féidir iad a léamh. Seo a leanas an méid a chuimhníonn siad:

  • más rud é gur ghlac tú le beartas fianáin an tsuímh gréasáin seo (nó gur dhiúltaigh tú dó)
  • má thug tú freagra ar ár suirbhé aníos cheana (faoina chuidithí atá ábhar an tsuímh) – ionas nach n-iarrfar ort arís é.

Fianáin maidir le sainroghanna cuairteoirí:

Ainm: ecsi

Seirbhís: Uirlisí le haghaidh suirbhé ar an suíomh gréasáin

Cuspóir: Stóráiltear eolas faoi cé acu a thug tú nó nár thug tú freagra ar shuirbhé aníos – ionas nach n-iarrfar sin ort arís

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 mhí


Ainm: cck3

Seirbhís: Pacáiste toilithe fianáin

Cuspóir: Stórálann sé do shainroghanna d’fhianáin tríú páirtí (ionas nach n-iarrfar ort arís iad)

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: cck1

Seirbhís: Pacáiste toilithe fianáin

Cuspóir: Stórálann sé do shainroghanna fianáin (ionas nach n-iarrfar sin ort arís)

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 6 mhí

 

2 Fianáin oibríochtúla

Tá roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Go háirithe:

Fianáin fíordheimhniúcháin:

Ainm: MyEACSDomain

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Cuimhneamh ar d’fhearann

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: __Secure_CASTGC

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Do sheisiún a aithint

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: __Secure_ECAS_SESSIONID

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Seisiún reatha na Lársheirbhíse Fíordheimhniúcháin a aithint

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim


Ainm: ECAS_PREFS

Seirbhís: Seirbhís Bainistíochta Aitheantais

Cuspóir: Cuimhneamh ar do shocruithe agus ar do shainroghanna: aitheantas úsáideora, ainm úsáideora, beartas fianáin aitheanta, modh ardchodarsnachta, modh príobháideachais, amharc ar shonraí an chuntais tar éis an logáil isteach, an neart deiridh a roghnaíodh

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

Féadfaidh sé go n-athróidh ainmneacha na bhfianán sin, ar chúiseanna teicniúla (go háirithe __Secure-CASTGC agus __Secure-ECAS_SESSIONID).

 

  • Fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe:

Ainm: has_js

Seirbhís: Ardán bainistíochta ábhair chorparáidigh, bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Drupal

Cuspóir: A chinneadh an bhfuil Javascript cumasaithe ar do bhrabhsálaí. Ligeann sé sin dár suíomhanna gréasáin feidhmiú go cuí

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: JSESSIONID / CFID / CFTOKEN

Seirbhís: Ardán TF Java / Ardán TF Coldfusion

Cuspóir: Do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: ecsi

Seirbhís: Uirlisí le haghaidh suirbhé ar an suíomh gréasáin

Cuspóir: Stóráiltear eolas faoi cé acu a thug tú nó nár thug tú freagra ar shuirbhé aníos – ionas nach n-iarrfar sin ort arís

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 mhí

 

Ainm an fhianáin: MoodleSession

Seirbhís/suíomh gréasáin nuair a úsáidtear fianán: CusTax - EU Learning**

Cuspóir an fhianáin: Aithníonn sé do sheisiún**

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim**

 

Ainm: GS_FLOW_CONTROL

Seirbhís: GeoServer

Cuspóir: Baintear úsáid as chun feidhmíocht fheabhsaithe a chur ar fáil.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: SERVERID

Seirbhís: GISCO

Cuspóir: Baintear úsáid as chun do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte ar fad.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: jrc_cookie

Seirbhís: F5

Cuspóir: Baintear úsáid as chun do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte ar fad.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: TS#

Seirbhís: F5 (WAF/ASM)

Cuspóir: Baintear úsáid as chun do sheisiún a choinneáil slán le linn do chuairte ar fad.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: enrol-course-url

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Stóráiltear an cúrsa a raibh an t-úsáideoir ag iarraidh clárú leis sula ndearna sé logáil isteach agus an t-úsáideoir a chlárú go huathoibríoch tar éis logáil isteach an úsáideora.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 lá

 

Ainm: current-url

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Stóráiltear an URL reatha chun an t-úsáideoir a atreorú chuig an leathanach céanna tar éis dó logáil isteach. 

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 lá

 

Ainm: scopes_children

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Baintear úsáid as chun feidhmíocht fheabhsaithe na taisce a chur ar fáil. 

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 3 nóiméad

 

Ainm: coursesForTemplate

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Stóráiltear gach cúrsa atá san áireamh sa bhrainse reatha, gan cúrsaí ina bhfuil an t-úsáideoir cláraithe cheana a áireamh, chun iad a thaispeáint ar leathanach na dtorthaí. 

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 5 nóiméad


Ainm: learningPlans

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Stóráiltear gach plean foghlama atá san áireamh sa bhrainse reatha, gan pleananna foghlama a bhfuil an t-úsáideoir cláraithe cheana a áireamh, chun iad a thaispeáint ar leathanach na dtorthaí. 

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 5 nóiméad

 

Ainm: user_logins

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Déantar an líon uaireanta a logálann úsáideoir isteach a chomhaireamh chun mír aníos a thaispeáint ina bhfuil foirm don úsáideoir chun eolas pearsanta agus roghanna pearsanta a chomhlánú. 

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 lá

 

Ainm: MOODLEID1_SESSSIONCOOKIE

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Socraítear fianán Moodle a bhfuil ainm úsáideora lagchriptithe aige.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 60 lá

 

Ainm: moodledownload_SESSKEY

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Fianán a shocrú a úsáidtear chun faisnéis a thabhairt i leith an leathanaigh JavaScript in submit.js. Úsáidtear sin má chuireann foirm torthaí isteach i gcomhad íoslódála seachas nascleanúint a dhéanamh chuig leathanach nua, sula seoltar an comhad íoslódála. 

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: SourceUrl

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: A úsáidtear le haghaidh atreorú úsáideora a dhéantar tar éis don AWS WAF iarratas a bhlocáil

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 60 nóiméad

 

Ainm: CaptchaSession

Seirbhís: Acadamh an Aontais Eorpaigh

Cuspóir: Fianán a sheiceálann AWS WAF chun a fháil amach ar réitigh an t-úsáideoir an CAPTCHA

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 60 nóiméad

 

Ainm: dtLatC

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Aga folaigh an fhreastalaí a thomhas chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: dtPC

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Tá sé riachtanach chun críochphointí cuí a shainaithint le haghaidh tarchur rabhcháin; aitheantóir an tseisiúin san áireamh le haghaidh comhghaolaithe.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: Rxvt

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Am istigh an tseisiúin a shonrú.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: rxVisitor

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Aitheantóir an chuairteora san áireamh ann chun na seisiúin a chomhghaolú.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: dtCookie

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Cuairt a rianú ar fud iarratais éagsúla.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: dtSa

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Aga folaigh an fhreastalaí a thomhas chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim

 

Ainm: dtValidationCookie

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: Úsáidtear é chun an fearann barrleibhéil a chinneadh.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán céadpháirtí, rud a scriostar tar éis cúpla milleasoicind; níl aon dáta éaga socraithe

 

Ainm: dtDisabled

Seirbhís: Bonneagar óstála TF

Cuspóir: A chinneadh ar cheart an RUM JavaScript a dhíghníomhachtú mar gheall ar chostas agus rialú tráchta, nó chun rólódáil a chosc.

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan céadpháirtí, rud a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim
 

 

3 Fianáin anailísíochta

Úsáidimid iad seo le haghaidh taighde inmheánach faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí go léir.

Ní dhéanann na fianáin seo ach an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir gan ainm (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a shainaithint go pearsanta).

Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach leis an gCoimisiún Eorpach.

Is féidir leat na cineálacha sin fianán a dhiúltú – leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt nó ag Europa Analytics.

Fianáin anailísíochta:

Ainm: _pk_id#

Seirbhís: Seirbhís chorparáideach anailísíochta gréasáin

Cuspóir: Aithníonn sí cuairteoirí ar an suíomh gréasáin (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon eolas pearsanta faoin úsáideoir).

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 13 mhí


Ainm: _pk_ses#

Seirbhís: Seirbhís chorparáideach anailísíochta gréasáin

Cuspóir: Na leathanaigh ar ar amharc an t-úsáideoir céanna a aithint le linn na cuairte céanna. (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon eolas pearsanta faoin úsáideoir)

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán rianaithe céadpháirtí, 30 nóiméad

Fianáin tríú páirtí

Bíonn ábhar atá á óstáil ag seirbhísí ar conradh ar fhearainn atá lasmuigh de europa.eu le feiceáil ar chuid dár leathanaigh, cuir i gcás ár gconraitheoir a chuidíonn chun Lárionad Teagmhála Europe Direct a oibriú. D’fhéadfadh sé go mbeadh fianáin de dhíth chun an óstáil sheachtrach a fheidhmiú.

Ainm an fhianáin: PHPSESSIONID

Seirbhís: Foirm teagmhála Europe Direct

Cuspóir: Eolas faoin seisiún (uimhir randamach), a úsáidtear chun déileáil le foirmeacha ilteangacha. Ní stóráiltear aon eolas breise

Cineál agus fad an fhianáin: Fianán neamhbhuan tríú páirtí, socraithe ag ár gconraitheoir. Scriostar é nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí

Léiríonn cuid dár leathanaigh ábhar ó sholáthraithe seachtracha, e.g. YouTube, Facebook agus Twitter.

Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí sin, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha féin ar dtús. Orthu sin tá a mbeartais fianáin, rud nach bhfuil aon smacht againne orthu.

Ach mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáiltear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas.

Soláthraithe tríú páirtí ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin

Bíonn na seirbhísí tríú páirtí seo saor ó rialú an Choimisiúin. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, etc., a athrú tráth ar bith.

Conas na fianáin a bhainistiú

Fianáin a bhaint de do ghléas

Is féidir leat na fianáin go léir atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Bainfidh sé sin na fianáin go léir ó na suíomhanna gréasáin go léir ar ar thug tú cuairt.

Bíodh a fhios agat, áfach, go bhféadfá roinnt eolas sábháilte a chailleadh (e.g. sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh, etc.).

Fianáin suíomh-shonracha a bhainistiú

Chun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh, seiceáil na socruithe príobháideachais agus fianáin i do bhrabhsálaí sainroghnaithe.

Fianáin a bhlocáil

Is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú chun bac a chur ar fhianáin a bheith curtha ar do ghléas, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú de láimh gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh/leathanach gréasáin. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí mar ba cheart ar chor ar bith (e.g. logáil isteach i bpróifíl).

Ár bhfianáin anailísíochta a bhainistiú

Is féidir leat do shainroghanna maidir le fianáin ó Europa Analytics a bhainistiú ar leathanach tiomnaithe Europa Analytics.