Gné lárnach den bhéaloideas is ea an seanfhocal, agus le blianta beaga anuas tá an-spéis á fhorbairt ann mar ábhar taighde acadúil. Tháinig dhá réimse ar leith taighde chun tosaigh mar gheall ar an bhorradh suime sin: an phairéimeolaíocht...
moreGné lárnach den bhéaloideas is ea an seanfhocal, agus le blianta beaga anuas tá an-spéis á fhorbairt ann mar ábhar taighde acadúil. Tháinig dhá réimse ar leith taighde chun tosaigh mar gheall ar an bhorradh suime sin: an phairéimeolaíocht (léann na seanfhocal) agus an phairéimeagrafaíocht (bailiú na seanfhocal). Is i ngort na pairéimeolaíochta idirnáisiúnta is mó atá dul chun cinn déanta le leathchéad bliain anuas, áfach, go háirithe i réimsí ar nós: an seanfhocal a shainmhíniú (Dundes 1975a); saintréithe an tseanfhocail (Klimenko 1946); comhthéacs úsáidte agus brí an tseanfhocail (Grzybek 1987); foinse agus forbairt an tseanfhocail (Taylor 1962); an bhaint idir seanfhocail agus seánraí eile béaloidis (Taylor 1962; Carnes 1988; Rölleke 1988); fealsúnacht na seanfhocal agus blason populaire (Dundes 1975b); ról na dtástálacha seanfhoclacha i scrúduithe diagnóiseacha leighis (Benjamin 1944; Gorham 1956, 1961; Rogers 1986; Mieder 1996); agus araile. Is de thairbhe nach leis an bhéaloideas amháin a bhaineann an phairéimeolaíocht atá an oiread sin taighde déanta ar an ábhar .i. gur ábhar idirdhisciplíneach é a mheallann scoláirí ó chúlraí acadúla éagsúla: teangeolaithe, béaloideasaithe, staraithe litríochta, staraithe cultúir, síceolaithe, socheolaithe, antraipeolaithe agus neart eile. In ainneoin na bhforbairtí suntasacha ar bhonn idirnáisiúnta, áfach, is beag an méid taighde a rinneadh i bpairéimeolaíocht na Gaeilge, agus níor cuireadh bunús na modheolaíochtaí idirnáisiúnta i bhfeidhm ar ábhar seanfhoclach na Gaeilge go fóill. Ar na cúiseanna atá leis seo, dar liom, tá easpa corpais náisiúnta seanfhocal a bhféadfaí an taighde a bhunú air sa teanga. Níor cuireadh na seanfhocail Ghaeilge le chéile in aon ollchnuasach amháin go dtí seo; tá a mbunús siúd a bhaineann le tréimhse na Nua-Ghaeilge le fáil i dtrí fhoinse chanúnacha a bailíodh sa chéad leath den fhichiú haois. Sa pháipéar seo, amharcfar ar chúlra na pairéimeagrafaíochta sa Ghaeilge, is é sin le rá, na bailiúcháin féin; déanfar scrúdú criticiúil ar na mórbhailiúcháin chanúnacha agus déanfar moltaí faoin tslí is éifeachtaí chun an t-ábhar seanfhoclach sa Ghaeilge a chur le chéile go cruinn amach anseo.