Troye Sivan
Is amhránaí, cumadóir agus aisteoir as an Astráil é Troye Sivan Mellet (Fuaimniú: /trɔɪ sɪˈvɑːn/). Rugadh ar an 5ú Meitheamh 1995 é i Johannesburg, an Afraic Theas. Bhí sé ina chruthaitheoir físeáin ar YouTube agus tá 7.8 milliún leantóirí aige ar YouTube agus breis is 1.5 billiún radhairc. D'eisigh sé a chéad albam Blue Neighbourhood sa bhliain 2015. Chuaigh an singil "Youth" ón albam sin sa top 40 ar an gcairt Billboard Hot 100. Shroich a dara halbam Bloom (2018) uimhir a trí san Astráil agus uimhir a ceathair ar chairt an Billboard 200.
Mar aisteoir, d'imir sé Wolverine óg in X-Men Origins: Wolverine (2009) agus bhí sé mar an príomhcharachtar sa tríológ Spud. Sa bhliain 2018, fuair sé ainmniúcháin Golden Globe le haghaidh "Best Original Song" leis an amhrán "Revelation", ón scannán Boy Erased. I 2022, bhí sé sa scannán Three Months.
Early Life
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Sivan i Johannesburg san Afraic Theas. Is bean an tí agus iarmhainicín í a mháthair, Laurelle Mellet, agus is fiontraí agus gníomhaire eastáit é a athair, Shaun Mellet. D'fhás Sivan suas i bPerth, an Astráil Thiar lena thuismitheoirí agus a thriúr deartháireacha.
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Sivan amach mar duine aerach i bhfíseán ar YouTube ar an 7ú Lúnasa 2013, trí bhliain i ndiaidh teacht amach lena chlann. Tá foirm éadrom de shiondróm Marfan aige.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Blue Neighbourhood (2015)
- Bloom (2018)
- Something To Give Each Other (2023)
Ceirníní leathfhada
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dare to Dream (2007)
- June Haverly (2012)
- TRXYE (2014)
- Wild (2015)
- In a Dream (2020)