Teoiric na cumarsáide
Cuma
Feidhmiú teoiric na faisnéise go ginearálta don chumarsáid dhaonna. Déanann foinse an eolais an teachtaireacht a chódú is a tharchur thar chainéal go dtí glacadóir, mar a ndíchódaítear an teachtaireacht le ciall a bhaint aisti. Is é an príomhchuspóir i gcumarsáid innealtóireachta idir ríomhairí, mar shampla, ná tarchur éifeachtach gan bhotún. Ní hionann an scéal i ngach saghas cumarsáide, mar tagann fachtóirí eile isteach, cosúil le haischothú, comhthéacs sóisialta, ról gníomhach glacadóirí daonna is eile i dtáirgeadh na céille atá á haistriú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teoiric na cumarsáide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 659.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |