Suits
Séanra | legal drama (en) agus geandrámaíocht |
---|---|
Suíomh scéalaíochta | Nua-Eabhrac |
Socrú ceamara | socrú aoncheamara |
Cruthaitheoir | Aaron Korsh |
Cumadóir | Christopher Tyng |
Aisteoirí | |
Cuideachta léiriúcháin | Universal Content Productions (en) agus Universal Television (en) |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Bunteanga | Béarla |
Bealach teilifíse | USA Network (en) |
Fad na n-eipeasóidí | 42 min |
An chéad eipeasóid | 23 Meitheamh 2011 agus 7 Eanáir 2013 |
An eipeasóid dheireanach | 25 Meán Fómhair 2019 |
Líon séasúr | 9 |
Líon eipeasóidí | 134 |
Liosta eipeasóidí | liosta de na eipeasóid Suits |
Pearson → | |
Tuilleadh eolais | |
| |
Is clár teilifíse Meiriceánach é Suits. Thosaigh sé ar 23 Meitheamh, 2011 ar USA.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is dlíodóir é Harvey Spector agus Mike is ainm dá phrintíseach. Buaileann siad trí thimpiste lá amháin. Níor fhreastail Mike ar an gcoláiste ceart le bheith ina dhlíodóir. Coinnítear seo faoi rúin ón saol mór i gcónaí. Donna is ainm don rúnaí agus bíonn sí ar aon eolas faoi gach aon rud beo sa chomhlacht. Is páirtnéir sa chomhalacht í Jessica Pearson. Tá sí an-chumasach agus an-chliste.
Cur Síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is sraith theilifíse Mheiriceánach é Suits, dráma dlíthiúil cruthaithe agus scríofa ag Aaron Korsh. Cuireadh tús leis an tsraith ar an 23 Meitheamh 2011 ar an líonra cábla USA agus is é Universal Cable atá á léiriú. I gcomhlacht dlíodóirí ficseanúil i Nua-Eabhrac atá Suits suite. Leanann an clár Mike Ross (Patrick J. Adams), luathfhágálaí coláiste cumasach a oibríonn ar dtús mar chomhpháirtí dlí le Harvey Specter (Gabriel Macht), cé nár fhreastail sé ar scoil dlí riamh.[1] Díríonn an clár ar Harvey agus Mike agus iad ag cur cásanna i gcrích agus ag cosaint rún Mike ag an am céanna [2]
Moladh Suits do roinnt duaiseanna ó 2012. Fuair Gina Torres agus Patrick J. Adams moladh ar leith le haghaidh a róil mar Jessica Pearson agus Mike Ross faoi seach. Chomh maith le dhá ainmniúchán a d’aithin a ról mar aisteoir tánaisteach, bronnadh Léiriú den Scoth i Sraith Theilifíse ar Torres ag Duaiseanna Tionchair 2013 CNEM (Comhpháirtíocht Náisiúnta Easpáinneach na Meán). Ainmníodh Adams don Léiriú den Scoth le hAisteoir Fir i Sraith Dhrámaíochta ag Duaiseanna Chuallacht na nAisteoirí Scáileáin 2012. Ainmníodh an tsraith féin do dhá Dhuais Rogha an Phobail.
Ar an 30 Eanáir 2018, fógraíodh go mbeadh an tsraith ar siúl ar feadh séasúr eile, an t-ochtú séasúr, gan na haisteoirí a bhíodh sa tsraith go rialta, Patrick J. Adams agus Meghan Markle.[3] Fógraíodh níos déanaí go mbeadh Katherine Heigl ag teacht isteach san fhoireann aisteoirí i séasúr 8 i ról an aturnae Samantha Wheeler. Tugadh ardú céime do na réaltaí a bhíodh ann anois is arís, Dulé Hill agus Amanda Schull, sa chaoi is go mbeidís sa tsraith go rialta feasta.[4] Ar an 8 Márta 2018, fógraíodh go mbeidh díorthach ag an réalta a bhíodh sa tsraith roimhe seo, Gina Torres, a bheidh dírithe ar a carachtar, Jessica Pearson.[5][6] Bhí première shéasúr 8 ann ar an 18 Iúil 2018 agus beidh première an dara leath den séasúr ann ar an 23 Eanáir 2019.[7]
Carachtair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Príomhcharachtair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gabriel Macht - Harvey Reginald Specter
- Patrick J. Adams - Michael James "Mike" Ross
- Rick Hoffman - Louis Marlowe Litt
- Meghan Markle - Rachel Elizabeth Zane
- Sarah Rafferty - Donna Roberta Paulsen
- Gina Torres - Jessica Lourdes Pearson
Carachtair eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rebecca Schull mar Edith Ross
- David Costabile mar Daniel Hardman
- Amanda Schull mar Katrina Bennett
- Max Topplin mar Harold Gunderson
- David Reale mar Benjamin
- Abigail Spencer mar Dana "Scottie" Scott
- Tom Lipinski mar Trevor Evans
- Vanessa Ray mar Jenny Griffith
- Eric Close mar Travis Tanner
- Gary Cole mar Cameron Dennis
- Conleth Hill mar Edward Darby
- Adam Godley mar Nigel Nesbitt
- Max Beesley mar Stephen Huntley
- Rachael Harris mar Sheila Sazs
- Diane Neal mar Allison Holt
- Wendell Pierce mar Robert Zane
- Michelle Fairley mar Ava Hessington
- Brandon Firla mar Jonathan Sidwell
- Željko Ivanek mar Eric Woodall
- Eric Roberts mar Charles Forstman
- D. B. Woodside mar Jeff Malone
- Brendan Hines mar Logan Sanders
- Neal McDonough mar Sean Cahill
- Christina Cole mar Dr. Paula Agard
- Aloma Wright mar Gretchen Bodinski
- John Pyper-Ferguson mar Jack Soloff
- Billy Miller mar Marcus Specter
- Leslie Hope mar Anita Gibbs
- Farid Yazdani mar David Green
- Paul Schulze mar Frank Gallo
- Erik Palladino mar Kevin Miller
- Malcolm-Jamal Warner mar Julius Rowe
- Glenn Plummer mar Leonard Bailey
- Ian Reed Kesler mar Stu Buzzini
- Alan Rosenberg mar William Sutter
- Carly Pope mar Tara Messer
- Dulé Hill mar Alex Williams
- Peter Cambor mar Nathan
- Jordan Johnson-Hinds mar Oliver Grady
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá gradam buaite ag an gclár.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Breaking News - Exclusive: More USA Summer Premieres: "Burn Notice," "Suits" on Thursday, June 23; "Royal Pains," "Necessary Roughness" on Wednesday, June 29 | TheFutonCritic.com". www.thefutoncritic.com. Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ "WebCite query result" (en). www.webcitation.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-07. Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ Nellie Andreeva (2018-01-30). "‘Suits’ Renewed For Season 8 Without Patrick J. Adams & Meghan Markle, Ups Dulé Hill & Gets 7B Premiere Date By USA" (en-US). Deadline. Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ "Katherine Heigl Joins Suits as Series Regular in Season 8 | Blog | Suits | USA Network" (en). USA Network (2018-01-31). Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ "USA Network Greenlights Gina Torres-Led Suits Spinoff | Blog | Suits | USA Network" (en). USA Network (2018-03-08). Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ Denise Petski (2018-05-14). "‘Suits’ Spinoff Starring Gina Torres Gets Title" (en-US). Deadline. Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ Vlada Gelman (2018-11-19). "Suits' Early 2019 Return Date Revealed" (en-US). TVLine. Dáta rochtana: 2018-11-29.