Saingeal
Cuma
Is éard is saingeal[1] ann ná ceann thoir eaglaise mar a mbíonn an altóir, an chórlann is na cléirigh. Go ginearálta, an chuid den eaglais soir ón gcorp. Díorthaíodh an t-ainm ón Laidin cancellus, an scáthlán a bhíodh idir corp is saingeal atá fós in eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): saingeal” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-29.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Saingeal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |