[go: up one dir, main page]

Jump to content

Penn-ar-Bed

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPenn-ar-Bed
Finistère (fr)
Penn-ar-Bed (br) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 48° 15′ N, 4° 00′ O / 48.25°N,4°W / 48.25; -4
Stát ceannasachan Fhrainc
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na FrainceAn Fhrainc mheitreapholaiteach
Defense and Security zone of France (en) AistrighWestern defense and security zone (en) Aistrigh
Réigiún na Fraincean Bhriotáin Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairKemper Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán921,638 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús136.88 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla6,733 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeRoc'h Ruz (385 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú4 Márta 1790
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachdepartmental council of Finistère (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of departmental council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataNathalie Sarrabezolles Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2FR-29 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSFR522 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód INSEE29 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinfinistere.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: finistere.cd29 Twitter: finistere_29 Instagram: finistere_officiel Youtube: UCfbV8T2jdTjuXYqY6KxejHA Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Penn-ar-Bed (Finistère as Fraincis) an 'Départment' is faide siar sa Bhriotáin.

Aillte ar chósta thiar Phenn-ar-Bed gar do bhaile Camaret

Tá cósta an Aigéin Atlantaigh ar thrí thaobh di. Tá Contae Aodoù-an-Arvor suite ar a teorainn oirthuaiscirt agus tá Contae Mor-Bihan soir ó dheas di.

Ciallaíonn an t-ainm 'Ceann an Domhain' nó deireadh an domhain sa Bhriotáinis. Ar an dtaobh thuaidh di i sean-limistéar Leon, tá an cósta íseal den chuid is mó le tránna gainimhe. Tá aillte agus cuain domhain ar an gcósta thiar agus theas agus is ann atá limistéir ársa Bro-Gerne, a ainmníodh ó na daoine a lonnaigh san áit fadó as Corn na Breataine.

Cruthaíodh Penn-ar-Bed i ndiaidh Réabhlóid na Fraince nuair a aontaíodh Leon leis an gcuid is mó de sean-limistéar Bro-Gerne.

Sa bhliain 1999, bhí 852,418 duine ina gcónaí sa chontae, an 24ú líon is mó i measc départments na Fraince. Bhí 303,484 bailithe i mórchathair Bhrest ag an am.

Is i bPenn-ar-Bed is mó a labhraítear Briotáinis. Bíonn an-chuid féilte ann, go háirithe i rith an tsamhraidh. Sa bhliain 2008, d'fhreastail thart ar 4.7% de pháistí bunscoile Phenn-ar-Bed ar scoileanna dhátheangacha ina raibh an chuid is mó den teagasc trí mheán na Briotáinise.[1] Déanann cuid de na daltaí i scoileanna eile staidéar ar an mBriotáinis freisin.

Cé gurb í Brest an chathair is mó i bPenn-ar-Bed, is í Kemper (Quimper as Fraincis) príomhchathair an réigiúin agus tá an-cháil ar photadóireacht Faïence atá bunaithe inti. Is ón bhfocal kembraeg a thagann ainm na cathrach. Ciallaíonn sé 'cumar' agus is ann a thagann trí abhainn, an Steir, Odet, agus an Jet le chéile. Tá ardeaglais naomh Corentin, a bhfuil dhá thúr uirthi agus dealbh den rí Gradlon ar muin capaill idir eatarthu. Tá nasc idir Kemper agus Luimneach in Éirinn.

I dtuaisceart an régiúin tá Montroulez (Morlaix as Fraincis) a bhí tráth ina calafort tábhachtach d'fhoghlaithe mara, agus tá tarbhealach ollmhór don bhóthar iarainn crochta os cionn an bhaile ó tógadh é sa 19ú haois.

Siar ó thuaidh ó Kemper tá baile iascaireachta Douarnenez, agus de réir an tseanchais is i mbá Douarnenez a bhí cathair Ys mar a raibh Gradlon ina rí, suite.

Is í Brest ceann des na calafoirt is mó sa Fhrainc agus tá ionad mór de chuid chabhlach na Fraince suite inti freisin. Ba lárionad d'fhomhuireáin na Gearmáine í le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is inti a thógadh an t-iompróir eitleán Francach, an Charles de Gaulle, ceann de na longa cogaidh is mó ar domhan. Bíonn féilte móra seoltóireachta i mBrest gach bliain. Tá nasc idir í agus Dún Laoghaire in Éirinn.

Tá nasc farantóireachta idir Rosscoff agus Corcaigh, agus bailte i Sasana.

Talmhaíocht, próiseáil bia agus turasóireacht na tionscail eile is mó atá ann.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]