[go: up one dir, main page]

Jump to content

Oasis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaOasis
lang=ga
(2005) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósOasis Leisure Centre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Baill
Chris Sharrock (Bebington (en) Aistrigh, 30 Bealtaine 1964 - ). Ceoltóir

Paul "Bonehead" Arthurs (Burnage, 23 Meitheamh 1965 - ). Giotáraí

Gem Archer (Durham, 7 Nollaig 1966 - ). Giotáraí

Noel Gallagher (Longsight, 29 Bealtaine 1967 - ). Giotáraí

Andy Bell (Caerdydd, 11 Lúnasa 1970 - ). Dordóir

Paul "Guigsy" McGuigan (Barton upon Irwell, 9 Bealtaine 1971 - ). Dordóir

Tony McCarroll (Manchain, 4 Meitheamh 1971 - ). Ceoltóir

Alan White (Lewisham, 26 Bealtaine 1972 - ). Ceoltóir

Liam Gallagher (Manchain, 21 Meán Fómhair 1972 - ). Amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitThe Rain Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1991, Manchain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1991 –  2009
Lipéad ceoilCreation Records
Sony Music
Big Brother
Columbia Records
Epic
Reprise Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach, rac indie, Breat-pop agus pop indie Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinhttps://oasisinet.com/
IMDB: nm2089687 Facebook: OasisOfficial Twitter: oasis Instagram: oasis Youtube: UCUDVBtnOQi4c7E8jebpjc9Q TikTok: oasis Bandcamp: daydreamishh Souncloud: oasisofficial Spotify: 2DaxqgrOhkeH0fpeiQq2f4 iTunes: 512633 Last fm: Oasis Musicbrainz: 39ab1aed-75e0-4140-bd47-540276886b60 Songkick: 548892 Discogs: 140140 Allmusic: mn0000393345 Deezer: 927 Cuir in eagar ar Wikidata

Rac-bhanna Sasanach ba ea Oasis, a cuireadh ar bun i Manchain sa bhliain 1991. D'fhás Oasis amach ó ghrúpa a bhí ann níos luaithe, The Rain, bhí Lia Gallagher (fonnadóireacht, tambóirín agus maracai), Paul "Bonehead" Arthurs (giotár), Paul "Guigsy" McGuigan (dordghiotár) agus Tony McCarroll (drumaí agus cnagadh) sa bhanna ón tús.

Chuaigh deartháir níos sine Liam, Noel Gallagher (giotár luaidhe agus príomhchumadóir amhrán) mar an chúigiú ball, agus bhí sin mar foireann an mbanna go dtí Aibreán 1995.

Liam agus Noel, San Diego 2005
2009 - Oasis & Friends (Sunderland)
2009 - Oasis & Friends (Sunderland)

Sínigh Oasis leis an lipéad ceol neamhspleách, Creation Records i 1993 agus scaoil siad a chéad albam, Definitely Maybe, a sháraigh curiarrachtaí i 1994.

Tá inspioráid tógtha ag Oasis ó a lán de na bannaí Sasanacha a bhain cáil amach sna 1960idí, mar shampla The Beatles, The Who, The Kinks agus The Rolling Stones. Chomh maith le sin, bhí tionchar mór ag bannaí eile as Manchain orthu freisin, mar shampla The Smiths agus The Stone Roses.

Bhí Oasis ar cheann de na bannaí is mó ar ar dtugtaí Britpop i lár na 1990idí, in éineacht le Blur, Pulp, Elastica, Cast agus roinnt bannaí eile. Bhí coimhlint cháiliúil sna meáin agus sna cairteacha idir iadsan agus Blur, na bannaí ba mhó ag an am.

I mí Lúnasa 2009, dúirt Noel Gallagher go raibh sé ag éirí as an banna de bharr coimhlintí le Liam, agus bhunaigh sé Noel Gallagher's High Flying Birds. Tá tri albam agus E.P. eisithe acu.

Athainmnigh Liam, agus baill eile as Oasis, an banna mar "Beady Eye". Díscaoileadh Beady Eye sa bhliain 2014, tar éis dhá albam.

Ar an 27/08/2024, bhí sé fógartha ag Liam agus Noel Gallagher go bhfuil Oasis ag teacht ar ais le chéile chun roinnt gigeanna a dhéanamh – agus dhá cheann i bPáirc an Chrócaigh in 2025.[1] Ach níorbh fhada gur iompaigh an lucht leanúna ar na meáin shóisialta agus ardáin eile chun frustrachas faoin bpróiseas díolacháin a chur in iúl, go háirithe na praghsanna arda a bhí á lorg do chuid de na ticéid do sheónna Pháirc an Chrócaigh.[2]

Chuir an CCPC, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, imscrúdú ar bun faoi dhíol na dticéad do cheolchoirm Oasis ag Ticketmaster. Dúirt an Coimisiún go raibh níos mó ná 100 gearán faighte acu faoi dhíol na dticéad agus tar éis na ngearán sin a athbhreithniú gur cuireadh an t-imscrúdú ar bun.[2]

Albaim stiúideo

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Definitely Maybe (1994)
  2. (What's The Story) Morning Glory? (1995)
  3. Be Here Now (1997)
  4. Standing On The Shoulder Of Giants (2000)
  5. Heathen Chemistry (2002)
  6. Don't Believe The Truth (2005)
  7. Dig Out Your Soul (2008)

Familiar to Millions (2000)

Stop the Clocks (2006)

Albaim díolama

[cuir in eagar | athraigh foinse]

1. Definitely Maybe: The Singles (1996)

2. (What's the Story) Morning Glory?: The Singles (1996)

3. The Masterplan (Diolaim taobh-B) (1998)

4. Stop the Clocks (2006)

5. Time Flies... 1994-2009 (2010)

  1. "Oasis ag teacht anseo - agus tá na praghsanna óstáin ag €800" (en-GB) (2024-08-27). Dáta rochtana: 2024-09-06.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-09-06). "Imscrúdú ar dhíol thicéid Oasis curtha ar bun" (as ga-IE).