Nanafótónaic
Is éard atá sa nanafótónaic an staidéar a dhéantar ar an solas agus ar a idirghníomhú leis an ábhar ar an nanascála. Na feimiméin atá i gceist baineann siad leis na tonnfhaid is giorra. (I raon sofheicthe an speictrim leictreamaighnéadaigh tá an tonnfhad idir 40 agus 700nm.)
Is éard is aidhm don nanafótónaic na teorainneacha a bhaineann leis an díraonadh optach a shárú nó a sheachaint. De ghnáth ní féidir leis na gnáthuirlisí, leithéidí lionsaí, solas a dhíriú ar scála domhain (faoin tonnfhad) de bharr an díraonta theoranta. Ach is féidir solas a chrapadh ar nanascála ar bhealaí eile. Orthu sin tá plasmóin dromchla agus na crónna nanascála agus na bioranna nanascála a úsáidtear i miocroscópacht gar-réimse agus i miocroscópacht fhótachuidithe thollánach scannacháin.[1]
Tá baint ar leith ag an nanafótónaic leis na réimsí a leanas:
- An mhicreascópacht optach scannacháin gar-réimse
- An idirghníomhaíocht idir an solas agus struchtúir mhiotallacha (an phlasmónaic nó staidéar ar phlasmóin an dromchla).
- Gaibhniú agus ionramháil an tsoláis le criostail fhótónacha
- Comhtháthú na struchtúr fótónach ar shliseanna sileacain
- Déanamh na gcomhábhar saorga le haghaidh áiseanna nua optacha
Baintear an fheidhm is mó as an nanafótónaic maidir leis an miocrocópacht an-ardtaifigh, le braiteoirí an-íogaire, le córais chomhtháite nasctha optaigh agus leis an bhfótavoltaic.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hewakuruppu, Y., et al., Plasmonic “ pump – probe ” method to study semi-transparent nanofluids, Applied Optics, 52(24):6041-6050
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]L. Novotny and B. Hecht. Principles of Nano-Optics. Cambridge (2006).