Ban-aisteoir agus léiritheoir ab ea Maggie Smith, (28 Nollaig 1934, Essex, Sasana - 27 Meán Fómhair 2024). Ba iomaí duais buaite aici, mar shampla Golden Globe dona a carachtar sa scannán California Suite (1978) agus Emmy dona a carachtar ar an gclár teilifíse Downton Abbey. Fuair Smith ardmholadh ó chriticeoirí agus cuid mhór ainmniúchán do scannáin mar Gosford Park (2001) agus The Best Exotic Marigold Hotel (2011).
Rugadh i Romford, Essex, í ach bhog sí go hOxford nuair a bhí sí ceithre bliana d’aois. Rugadh í do Margaret, rúnaí, agus Nathaniel Smith, paiteolaí. Bhí beirt dhearthaireacha aici, Alastair agus Ian. D’fhág Smith Oxford High School nuair a bhí sí sé bliana déag d’aois agus thosaigh sí ag staidéar ar an aisteoireacht.
Cailleadh í ar 27 Meán Fómhair 2024 san oispidéal i Londain.[1]
Is síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.