Genann mac Dela
Cuma
(Athsheolta ó Geanann mac Deala)
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Leanaí | Rinnal |
I Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Genann mac Dela (de shliocht Starn mhic Neimhidh), sliocht de na Fir Bholg, le chéile lena dheartháir, Gann, mar chomharba ar a ndeartháir, Rudraigeí. Ba í Cnucha a bhean chéile.
Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn an chúigear mac Dela an tír eatarthu. Tháinig Genann i dtír le Rudraige ag Trácht Rudraige, agus thóg sé cúige Chonnacht.
Tar éis bás a ndearthár, rinneadh chomh-Ard-Rí de Ghann agus Gheanann ar feadh ceithre bliana, sula bhfuair siad beirt bás den phlá, i dteannta le dhá mhíle dá mhuintir. Tháinig Sengann i gcomharbacht orthu.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Réamhtheachtaí Ruadhraí |
Ard-Rí na hÉireann (le Gann) ACM 1931–1927 RC FFE 1511–1507 RC |
Comharba Seanghann |