Edward Gwynn
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1868 Ráth Mealtain, Éire |
Bás | 10 Feabhra 1941 72 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Cholm Cille, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teangacha Ceilteacha |
Gairm | údar, teangeolaí |
Fostóir | Ollscoil Átha Cliath, múinteoir ollscoile (1907–) |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Teaghlach | |
Céile | Olive Mary Ponsonby (1905–) |
Páiste | John David Gwynn, Edward Harold Gwynn, Lucy Margaret Gwynn, Arthur Montagu Gwynn, Olive Ruth Gwynn |
Athair | John Gwynn agus Lucy Josephine O'Brien |
Scoláire na Sean-Ghaeilge agus Litríochta Ceiltí ba ea Edward John Gwynn (Ráth Mealtain, Dún na nGall 1d Aibreán 1868 – 10ú Feabhra 1941 Baile Átha Cliath). Bhí sé fosta ina phropast Choláiste na Tríonóide ón mbliain 1927 go dtí 1937 agus ina Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1934 go 1937.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Edward John (E.J.) Gwynn, at Aughnagaddy in Ráth Mealtain, Contae Dhún na nGall. John Gwynn D.D. agus Lucy Josephine O'Brien ba ea a thuistí.
D'fhreastail sé ar St Columba's College, Ráth Fearnáin, agus tar éis sin Coláiste na Tríonóide.[1][2] Sa bhliain 1888, bhain sé scoláireacht amach le léann clasaiceach.[3] Bhain sé céim le gradam amach, ag bua boinn óir i léann clasaiceach chomh maith le heitic agus loighic. Sa bhliain 1893, toghadh é ina Chomhalta an Choláiste.[4]
Thosaigh Gwynn ansin ag déanamh taighde ar an Sean-Ghaeilge, faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. Toghadh ina bhall den Acadamh sa bhliain 1896, agus dhá bhliain níos deireanaí ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha. Bhí sé ina Uachtaráin an Acadamh idir na blianta 1934 agus 1937.[4] D'fhoilsigh Gwynn an-chuid alt agus aistriúchán, ina measc a eagrán den Dinnseanchas, téacsanna faoi shaol na manach i dTamhlacht agus catalóg de lámhscríbhinní an Acadaimh.[1][4]
Sa bhliain 1903, bhí Gwynn páirteach i mbunú Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath, agus é ina léachtóir agus gobharnóir. Idir na blianta 1905 agus 1915, chuaigh sé i mbun seirbhíse leis an Commission for National Education. Sa bhliain 1907, ceapadh é mar an gcéad Léachtóir le Teangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide.[4]
Timpeall an ama seo, moladh plean conspóideach chun coláiste nua a bhunú le haghaidh daltaí Caitliceacha amháin, ceangailte go cónaidhmeach le Coláiste na Tríonóide. Mheas that the plan would prove unworkable, Gwynn nárbh fhéidir a lán úd a chur i bhfeidhm, agus labhair sé amach ina choinne. Caitheadh an plean i dtraipisí ina dhiaidh sin.
Le linn a shaoil, bronnadh ar Gwynn roinnt mhaith aitheantais as ucht a chuid oibre ar son scoláireachta Éireannaí. Fuair sé céim D.Litt.Celt. ó Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1926, agus céimeanna dochtúra onóracha eile ó ollscoileanna Oxford, Glasgow, Wales agus Durham.[4]
Sa bhliain 1927, ceapadh Gwynn ina Phrapast Choláiste na Tríonóide. D'oibrigh sé go dtí gur éirigh sé tinn leis an eitinn, a bhuail air don chéad roimh 1913 agus b'éigean dó éirí as a phost sa bhliain 1937.[2] Rinneadh Comhalta Onórach de ag an am sin.[5]
Tar éis a bháis, thóg comhghleacaí leis chun cuimhne ní amháin a éirim aigne, ach freisin:[6]
- that well-known smile, so full of mellow wisdom, infinite kindness and quietly amused tolerance of the foibles and extravagances of smaller minds.
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Edward Gwynn le hOlive Mary Ponsonby (1881–1970), iníon le Colonel Justinian Gordon Ponsonby, sa bhliain 1906.[7] Bhí chúigear clann acu:
- John David Gwynn (1907–1998), aitheanta mar David nó J.D., a d'éirigh ina innealtóir sibhialta and chaith sé na blianta ag obair ar tionscnaimh cumhachta hidrileictrí srl.
- Arthur Montague (A.M.) Gwynn (1908–2008), feithideolaí agus ansin dochtúir leighis, a raibh saol ilchineálach aige, san áireamh srianadh lotnaidí san Aifric; seirbhís in arm na Breataine, áit a bronnadh Military Cross air as ucht crógachta); taiscéalaíocht Antartach; agus ina eagarthóir Medical Journal of Australia.
- Lucy Margaret (Pic) Gwynn (1911–1987), gníomhach mar oibrí deonach. Phós sí leis an ngeolaí Éireannach Frank Mitchell.
- Edward Harold Gwynn (1912–2007), d'éirigh ina státseirbhíseach in Whitehall, a bhain céim Deputy Under-Secretary of State amach sa Ministry of Defence.
- Olive Ruth Gwynn (1915–1981), bhain céim amach mar thréidlia sular phós sí leis an dealbhóir Éireannach, Oisín Kelly.[2]
Griangrafanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Edward Gwynn ina fhear óg, c. 1888
-
Edward Gwynn lena mac Harold, 1913
-
Edward Gwynn lena chlann, c. 1923
-
Edward Gwynn ina Phropast, 1927
-
Provost Edward Gwynn le William Cosgrave agus eile, 1927
Foilseacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Metrical Dindshenchas, 5 iml, Hodges Figgis, Baile Átha Cliath, 1903–1935
- The burning of Finn's house (le J. H. Lloyd), Ériu 1 (ll. 13–37), 1904
- The priest and the bees, Ériu 2 (ll. 82–83), 1905
- The three drinking-horns of Cormac ua Cuinn (eag. agus aistr.), Ériu 2 (ll. 186–188), 1905
- On a source of O'Clery's Glossary, Hermathena 14:33 (ll. 464–480), 1907
- Notes, Ériu 3 (ll. 190–193), 1907
- On a source of O'Clery's Glossary, Hermathena 15:35 (ll. 389–396), 1909
- An unrecorded gloss, Ériu 4 (lch. 182), 1908–10
- De arreis, Ériu 5 (ll. 45–48), 1911
- The monastery of Tallaght (le Walter J. Purton), Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann XXIX (C), *1911–1912
- An Irish penitential, Ériu 7 (ll. 121–195), 1914
- Catalogue of the Irish Manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin (le T. K. Abbott), Hodges & Figgis, Baile Átha Cliath, 1921
- Miscellanea: Eogan, Ériu 9 (ll. 27–30), 1921–23
- Tomás Costelloe and O'Rourke’s wife (le Turlough O'Reilly), Ériu 9 (ll. 1–11), 1921–23
- A note on O'Davoren’s glossary, Ériu 9 (ll. 157–158), 1921–23
- The Rule of Tallaght, Hermathena 44, dara forlíonadh, 1927
- Athirne’s mother, Zeitschrift für celtische Philologie 17 (ll. 153–156), 1928
- The Dindshenchas in the Book of Uí Maine, Ériu 10 (ll. 68–91), 1926–28
- Senbriathra Fithail, Revue Celtique 46 (ll. 268–271), 1929
- Varia III, Ériu 11 (ll. 150–153), 1932
- The Book of Armagh: The Patrician Documents (eag.), Irish Manuscripts Commission, 1937
- Notes on the Irish penitential, Ériu 12 (ll. 245–249), 1938
- An Old-Irish tract on the privileges and responsibilities of poets, Ériu 13 (ll. 1–60 & 220–236), 1942
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Edward John Gwynn, Provost 1927 – 1937
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Burke's Irish Family Records, Burke's Peerage Ltd, 1976.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Us, A Family Album, Roger Gwynn, 2015.
- ↑ "Dublin University Calendar, A Special Supplemental Volume for the year 1906-7" (1907) III. Dublin: Hodges, Figgis, and Co. Ltd..
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Proceedings of the Royal Irish Academy, iml. XLVII, Aguisín I, 1941–42.
- ↑ Webb, D. A. (1992). "Trinity College Dublin Record Volume 1991". Dublin: Trinity College Dublin Press.
- ↑ Dr E.J. Gwynn, An Appreciation, in The Irish Times, Feabhra 1941.
- ↑ Find A Grave Memorial #122309051.