Courtney Love
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cumadóir, ceoltóir agus ban-aisteoir Meiriceánach is ea Courtney Michelle Love Cobain (née Courtney Michelle Harrison, a rugadh ar an 7 Iúil 1964) agus í ina príomhamhránaí agus giotáraí leis an racbhanna Hole.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Courtney Michelle Harrison i San Francisco, California, iníon leis an síciteiripeoir Linda Carroll agus Hank Harrison, fear a bhí ina bhainisteoir bóthair ar feadh tamaill ar an mbanna rac-sícideileach The Grateful Dead. Fuair a tuismitheoirí colscaradh sa bhliain 1969. Bronnadh coimeád ar Carroll, a mhaígh gur thug Harrison LSD dá iníon nuair a bhí sí trí bliana d'aois. Phós Carroll in athuair agus saolaíodh beirt iníon eile léi, maraon le mac uchtaithe.
Cailín ar bheagán airgid a bhí inti, agus seoladh go hinstitiúid don aos óg agus í ina déagóir, tar éis di T-léine a ghoid. Thug lucht na scoile faoi deara go raibh cumas acadúil réasúnta aici, ach chruthaigh sí fadhbanna di féin mar gheall ar a hiompar “diúltach agus callánach”. Níos déanaí, scríobh sí do phunc-zine Maximumrocknroll, agus tháinig chun a bheith ina rinceoir earótach páirtaimseartha, rud a chuir ar a cumas taisteal go dtí an tSeapáin agus an Téaváin. Bhí ciste iontaobhais aici, agus dá bharr sin, bhí sí in ann staidéar a dhéanamh ar feadh tamaill i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tamall a chaitheamh ina cónaí i Learpholl, Sasana.
Bhunaigh Love an banna ceoil Hole i 1989 le cumadóir agus giotáraí Eric Erlandson. I rith na 1990í, d'eisigh Hole trí albam rathúil — Pretty on the Inside (1991), Live Through This (1994), agus Celebrity Skin (1998). Scoir an grúpa in 2002. Sa bhliain 2009, athfhoirmíodh an banna agus chuir siad Nobody's Daughter amach in 2010.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Le Hole
- Pretty on the Inside (1991)
- Live Through This (1994)
- Celebrity Skin (1998)
- Nobody's Daughter (2010)
- Courtney Love
- America's Sweetheart (2004)
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Teideal | Ról | Gradaim |
---|---|---|---|
1986 | Sid and Nancy | Gretchen | |
1987 | Straight to Hell | Velma | |
1996 | Basquiat | Big Pink | |
Feeling Minnesota | Rhonda | ||
The People vs. Larry Flynt | Althea Leasure Flynt | Boston Society of Film Critics Award for Best Supporting Actress Chicago Film Critics Association Award for Most Promising Actress Florida Film Critics Circle Award for Best Supporting Actress New York Film Critics Circle Award for Best Supporting Actress Satellite Award for Best Supporting Actress - Motion Picture Ainmnithe — Chicago Film Critics Association Award for Best Actress Ainmnithe — Golden Globe Award for Best Actress – Motion Picture Drama Ainmnithea — Los Angeles Film Critics Association Award for Best Supporting Actress Ainmnithe — MTV Movie Award for Best Breakthrough Performance | |
1999 | 200 Cigarettes | Lucy | |
Man on the Moon | Lynne Margulies | ||
2000 | Beat | Joan Vollmer Burroughs | |
2001 | Julie Johnson | Claire | L.A. Outfest Award for Best Actress |
2002 | Trapped | Cheryl |