[go: up one dir, main page]

Jump to content

Columbán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColumbán

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 543
Cúige Laighean (Mí)
Bás23 Samhain 615
71/72 bliana d'aois
Bobbio (Ríocht na Lombardach)
Áit adhlacthaBobbio Abbey (en) Aistrigh
Columbanus grave (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCríostaíocht Cheilteach
Gníomhaíocht
Gairmmanach, misinéir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidComhghall
Mac/iníon léinnBladulfo
TeangachaLaidin na meánaoise
Ord crábhaidhOrd Cholmáin
Ardú
Lá féile23 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata
uaimh in San Colombano di Bobbio, Emilia-Romagna, Italia

Ba mhisinéir Éireannach é Naomh Columbán (54023 Samhain[1] 615; Laidin: Columbanus Bobiensis) a bhain clú agus cáil amach, ní hamháin dó féin ach do na nósanna Gaelacha a rug sé leis.

Luaitear é ar an manaigh mhiseanta ba thábhachtaí de chuid na hÉireann[2]. Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é. Ceiliúrtar a lá féile ar an 23 Samhain.

Bhunaigh sé roinnt mainistreacha ar mhór-roinn na hEorpa, i ríochtaí na bhFranc agus na Lombairde, ach go háirithe Luxeuil (sa Fhrainc an lae inniu) agus Bobbio (san Iodáil). Seasann Columbán mar eiseamláir de ghníomhaíocht na misinéirí Éireannacha san Eoraip le linn an Mheánaois-Luath.

Tá Columbán Naofa ina naomhphátrún ar an Aontas Eorpach.

Is i gCúige Laighean a rugadh Columbán. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair. I gceann tamaill bhí sé ina phríomhoide ansin.

Misinéireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 591, ar an ábhar gur theastaigh uaidh dul ar “oilithreacht ar son Chríost”, d’fhág Columbán Beannchar in éineacht le beirt chompánach déag agus tháinig sé fhad leis an Bhurguin.

Bhunaigh Columbán mainistreacha in Annegray, Luxeuil agus Fontaine. Bhí an riail dhian Éireannach i bhfeidhm iontu go léir. Toisc gur cháin sé go mór caighdeán morálta chúirt an rí, díbríodh ón dúiche sin é.

D’éirigh le Columbán a bhealach a dhéanamh tríd an Eilvéis agus bhunaigh sé mainistir i mBregenz.

Luxeuil

Thrasnaigh Columbán Sliabh Alpa. Bhunaigh Columbán a mhainistir dheireanach agus an ceann ba mhó clú i mBobbio, áit ar éag sé sa bhliain 615.

Scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil ar a scríbhinní luachmhara diaga.

  1. nó 21 Samhain uaireanta
  2. "Naomh Columbán, ab: Samhain 23 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-13. Dáta rochtana: 2020-11-14.