Buama
Is éard is buama[1] ann ná feiste a úsáidtear chun pléascadh a dhéanamh, a mbíonn soitheach, ábhar pléascach (mar shampla, nítriglicrín nó trínítreatolúéin) agus fiús ann de ghnáth.
Bíonn buama difriúil ó fheistí pléascacha eile mar nach dtiomáintear é i dtreo a sprice.
De ghnáth is trí dhomhantarraingt (nuair a ligtear don bhuama titim ó eitleán) nó tríd an mbuama a chur ar an sprioc nó gar di (mar a dhéantar le buama gluaisteáin) a aimsíonn sé an sprioc. Tá saghsanna éagsúla buamaí, ina measc buama pléasctha, buama bloghraithe, buama fritharmúir, buama loiscneach.
Úsáidtear raon leathan meáchan i mbuamaí, ó timpeall 1 kg ábhair phléascaigh i mbuama gluaisteáin go dtí níos mó ná 10,000 kg sna buamaí is mó a úsáideadh sa dara cogadh domhanda. Cuirtear domhantarraingt, luas is airde an eitleáin san áireamh chun an t-am le ligean do bhuama titim a chinneadh.
Tá buamaí cliste ann freisin, agus inneall treoraithe iontu atá in ann comharthaí a ghlacadh ón talamh (mar shampla, léas léasair) chun iad a threorú.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): buama” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-10-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Buama". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |