Briocht
Cuma
I bhfisic na gcáithníní, an 4ú saghas den airí atá ag cuairc ar a dtugtar blas, ceann de na cáithníní fo-adamhacha. Tairgeadh an t-airí seo ó thaobh teoirice de i 1964 agus fionnadh é i 1974. Is é an cuarc coimhthíoch a mhalairt blais. Uimhir chandamach inmheánach (C) a imchoimeádtar sna hidirghníomhuithe leictreamaighnéadacha is láidre, ach nach n-imchoimeádtar in idirghníomhuithe laga, is ea an blas seo. C = +1 i gcás na mbriochtchuarc, agus bíonn briochtchuarc amháin ar a laghad i ngach briochtcháithnín. Cuimsíonn sé gach ball de chlann na mbriochtchuarc D-mhéasóin, nó na frithbhriochtchuairc.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Briocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 90.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |