Allas
Cuma
Tuaslagán caol salann (clóiríd sóidiam den chuid is mó) is móilíní beaga eile (ina measc úiré, aigéad lachtach, amóinia is eile) a thálann na faireoga allais atá i láthair i gcraiceann gach mamaigh. Is bealach eisfheartha salainn is nítrigine é. Nuair a ghalaíonn an t-allas ón gcraiceann, tarlaíonn cailliúint teasa. Tá cur allais an-tábhachtach chun teocht duine a rialú, ach tagann tart air dá bharr.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Allas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 32.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |