Airgead tirim
An tsócmhainn is leachtaí, comhdhéanta de mhona agus de nótaí bainc, is ea airgead tirim.[1] Féachtar ar nótaí bhainc agus boinn airgid mar airgead de bhrí go bhfuil siad ina leacht.[2] Ciallaíonn sé sin go nglactar leo agus gur féidir iad a úsáid chun íocaíocht a dhéanamh am ar bith.
Glacann eacnamaithe le hairgead a chuirtear i dtaisce sa bhanc ceannais mar airgead tirim chomh maith (M1 nó "airgead caol" do na heacnamaithe). Tá roinnt cineálacha sócmhainní ann, sa lá atá inniu ann, atá go mór ina leacht agus ar féidir airgead tirim a dhéanamh díobh go héasca nó iad a úsáid chun íocaíocht a dhéanamh ar chostas an-íseal. Baineann sé sin, mar shampla, le taiscí thar oíche.
Tá airgead leathan ann freisin (M2), a bhaineann le cineálacha taiscí arna gcoinneáil le bainc
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Airgead tirim"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-07.
- ↑ Banc Ceannais Eorpach. "Cobhsaíocht praghsanna". Dáta rochtana: 2020.
Is síol a bhaineann le hairgeadas é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |