[go: up one dir, main page]

Jump to content

Louis Pasteur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Eolaí

Ceimiceoir agus micribhitheolaí Francach ab ea Louis Pasteur a tháinig chun saoil i nDole (i sléibhte Jura i bhFranche-Comté, Oirthear na Fraince) ar an 27 Nollaig 1822 agus a fuair bás i Marnes-la-Coquette taobh thiar de Pháras ar an 28 Meán Fómhair 1895. Tá clú agus cáil air as an obair a rinne sé leis na galair a chosc. Ba eisean a d'fhorbair an vacsaín in aghaidh an chonfaidh agus an modh oibre leis na frídíní a mharú sa bhainne agus sa bhfíon a dtugtar paistéarachán air. Féachtar air mar cheann de trí phríomh bhunaitheoirí na Micribhitheolaíochta, mar aon le Ferdinand Cohn agus Robert Koch. D'fhionn sé chomh maith go leor eolais i réimse na ceimice, go háirithe an bun móilíneach don neamhshiméadracht i gcriostail áirithe. Luíonn a chorp san Institiúid Pasteur i bPáras i cruinneachán iontach, a léiríonn a shaoithiúlachtí de mhósáicí Biosántacha.[1]

Tagairtí