[go: up one dir, main page]

Aigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch

(Athsheolta ó Aspairín)

Is é an t-aigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch, ar a dtugtar an trádainm aspairín, an tsubstaint ghníomhach i go leor cógas a bhfuil airíonna anailgéiseacha, friteochtaithe agus frith-athlastacha acu.

WD Bosca Sonraí DrugaAigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch
Spriocghalarhipirteirme, pian, athlasadh, airtríteas réamatóideach, oistéairtríteas, ruaig gúta, fiabhras réamatach, ionfharchtadh miócairdiach géar, galar croí, fibriliú aitriamach agus siondróm corónach géarmhíochaine
Sonraí cliniciúla
Ainm trádálaaspairín
MedlinePlusa682878
Riosca le linn toirchisAustralian pregnancy category C (en) Aistrigh agus US pregnancy category C (en) Aistrigh
Bealachriarachán béil
Grúpa cógaseolaíochtacomhdhúil cheimiceach
Cód ATCA01AD05, B01AC06 agus N02BA01
Meán-dáileog marfach167, 340, 681, 495, 700, 1,075, 3,500, 1,750, 250, 200, 1,010, 790 agus 1,020
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC9H8O4
Mais mhóilíneach180.042 Da
Dlús1.35 g/cm³
Leáphointe135 °C, 275 °F agus 138 °C
Tuaslagthacht in uisce0.003 g/L
Aitheantóirí
Uimhir CAS50-78-2
PubChem (SID)2244
IUPHAR/BPS4139
DrugBankDB00945
ChemSpider2157
UNIIR16CO5Y76E
KEGGD00109 agus C01405
ChEBI15365
ChEMBLCHEMBL25
PDB liogann IDAIN
ECHA100.000.059

Tá an t-aspairín éifeachtach mar chóireáil ar chuid mhaith cineálacha mionphéine (tinneas cinn, míostrú, néarailge), athlasadh (mar shampla, i ngalar réamatóideach) agus fiabhras.

Fógra Bayer, 28 Deireadh Fómhair 1926

Baineadh feidhm as coirt na sailí is plandaí áirithe eile leis na céadta bliain mar leigheas ar fhiabhras creathach. Is é an comhábhar gníomhach sa choirt seo ná salaicin, réamhtheachtaire ceimiceach aspairín.

Shintéisigh an ceimicí Gearmánach Felix Hoffman (1868-1946), ag obair sa chomhlacht cógaisíochta Bayer, aspairín den chéad uair, ar 10 Lúnasa 1897 i Leverkusen. Ansin comhdaigh bainisteoir Hoffman, an cógaseolaí Gearmánach Heinrich Dreser (1860-1924), an phaitinn ar 6 Márta 1899, agus tugadh Aspirin air den chéad uair.

Iarmhairtí leighis

cuir in eagar
Aspairín

Tarlaíonn na hiarmhairtí leighis mar gheall ar a cumas sintéisiú prostaglaindiní (ceimiceáin atá gníomhach go bitheolaíoch, a fhaightear ar fud na colainne) a chosc. Fo-iarmhairt a fhéadfaidh a bheith ar ionghabháil iomarcach aspairín is ea cur fola gastrach.

Cuireann an t-aspairín bac ar théachtadh na fola, agus ceapadh sna 2000idí go gcabhróidh sí le tarlú trombóise corónaí is ceirbrí a laghdú. Ach is gá aire a thabhairt.[1]

Ról san ailse

cuir in eagar

Ceapadh go raibh ról ag an aspairín i gcosc na hailse colaireictí dóibh siúd a ghlacann dáileog 75mg sa lá, ach is cosúil, leis, nach gcuireann sé le fad saoil an dreama sin a bhfuil ailse cholareicteach orthu cheana féin tar éis don diagnóis tarlú.[2][3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Melissa Cunningham (2021-10-13). "New advice could trigger global change in use of aspirin to prevent heart attacks" (en). The Sydney Morning Herald. Dáta rochtana: 2021-10-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aspairín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 50.
  3. Low-Dose Aspirin Use After Diagnosis of Colorectal Cancer Does Not Increase Survival: A Case–Control Analysis of a Population-Based Cohort Gastroenterology 2014;146:700–708 Gaeilge: Ní Chuireann Aspairín Ísealdáileoige Tar Éis Dhiagnóis Ailse Cholaireicteach le Fadsaoil: Anailís Cás-Rialaithe ar Chohórt Daonrabhunaithe