[go: up one dir, main page]

Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

Forléargas

Ba mhór-roinn tionsclaíochta, fiontraíochta agus nuálaíochta í an Eoraip riamh anall — mór-roinn a rinne í féin a athrú ó bhonn go leanúnach mar gheall ar réabhlóidí tionsclaíocha agus teicneolaíochta, iomaíocht dhomhanda, agus sochaithe a bhí de shíor ag athrú.

Tháinig muid slán ó shuaitheadh na ndianghlasálacha agus muid níos láidre fós, sháraíomar géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus bhaineamar é sin amach in éineacht le chéile a bhuí le hathléimneacht agus diongbháilteacht. Mar sin féin, ní mór borradh mór a chur faoinár n-iomaíochas anois. Tá an geilleagar domhanda ag athrú go tapa. 

Ní mór dúinn gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun iomaíochas na hEorpa a chosaint agus a threisiú, agus i leith gníomhaithe domhanda eile, an rathúnais agus na cothroime freisin. Cuirtear tús leis sin tríd an ngnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla, agus ár margadh aonair a dhoimhniú ar fud na n-earnálacha uile. Leis an gcompás iomaíochais, arb é an chéad mhórthionscnamh de chuid an Choimisiúin nua é, leagfar amach an obair a bheidh á déanamh againn amach anseo agus muid ag cur le tuarascáil Draghi.

Príomhfhigiúirí

50%
sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i nginiúint leictreachais sa chéad leath de 2024, an sciar is airde riamh
suas le €4 mbilliún,
le haghaidh infheistíocht i dtaighde ar an intleacht shaorga agus i gcur in úsáid na hintleachta saorga don tréimhse 2024-2027
75.8%
an líon daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a raibh post acu sa dara ráithe de 2024, an líon is airde riamh

Cuspóirí

  • Cúrsaí gnó a éascú

    chun fás eacnamaíoch a chothú

  • Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan

    chun tacú le tionscail iomaíocha an Aontais agus poist ardcháilíochta a chruthú

  • Geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní

    chun aistriú go cleachtais táirgthe agus tomhaltais níos inbhuanaithe

  • Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digití

    chun iomaíochas an Aontais a neartú agus a bheith ar thús cadhnaíochta i nuálaíocht na hintleachta saorga

  • Taighde agus nuálaíocht a chur

    i gcroílár ár ngeilleagair

  • Borradh as cuimse a chur faoin infheistíocht

    chun dlús a chur leis an aistriú glas, digiteach agus sóisialta

  • Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair

    chun gairmeacha agus iomaíochas eacnamaíoch daoine a fheabhsú

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

Sna blianta beaga amach romhainn, chun iomaíochas agus rathúnas na hEorpa a chinntiú, déanfaimid an méid seo a leanas:

Cúrsaí gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla

Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan a fhorbairt

Oibriú i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní

Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digití

Taighde agus nuálaíocht a chur i gcroílár ár ngeilleagair

Borradh as cuimse a chur faoin infheistíocht

Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair

An dul chun cinn go dtí seo

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

  1. Mí Dheireadh Fómhair 2025

    Seoladh dhá straitéis chun dlús a chur le glacadh na hintleachta saorga i dtionscal agus in eolaíocht na hEorpa

    Cuireadh togra i láthair chun earnáil chruach an Aontais a chosaint ar thionchair éagóracha na ró-acmhainneachta domhanda

    Chuir an Coimisiún srian le húsáid PFAS i gcúir comhraic dóiteáin

  2. Meán Fómhair 2025.

    Seoladh straitéis chun bonneagair thaighde agus theicneolaíochta na hEorpa a neartú

  3. Iúil 2025

    Cuireadh plean gníomhaíochta i láthair don tionscal ceimiceán chun iomaíochas agus nuachóiriú na hearnála sin a neartú

    Seoladh straitéis chun go mbeidh an tAontas ar an áit is tarraingtí ar domhan ó thaobh eolaíochtaí beatha de faoi 2030

    Seoladh an straitéis chandamach chun ceannaire candamach a dhéanamh den Eoraip faoi 2030

  4. Meitheamh 2025

    Mhol an Coimisiún Gníomh an Aontais um Spás chun earnáil spáis na hEorpa a dhéanamh níos glaine, níos sábháilte agus níos iomaíche

  5. Bealtaine 2025

    Cuireadh straitéis uaillmhianach i láthair chun go mbeidh an Eoraip ina lárionad cumhachta do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú

    Seoladh an tionscnaimh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’ chun na daoine tréitheacha is fearr a mhealladh agus a choinneáil

    Cuireadh straitéis i láthair chun margadh aonair na hEorpa a dhéanamh níos simplí, níos rianúla agus níos láidre

    Chuir an Coimisiún i láthair treochlár REPowerEU chun neamhspleáchas iomlán fuinnimh an Aontais ar an Rúis a chinntiú

  6. Aibreán 2025

    Cuireadh i láthair plean gníomhaíochta na mór-roinne um an intleacht shaorga chun an chéad chéim eile den intleacht shaorga san Eoraip a mhúnlú

  7. Márta 2025

    Seoladh an plean gníomhaíochta tionsclaíochta d’earnáil mótarfheithiclí na hEorpa

    Cuireadh i láthair an plean gníomhaíochta chun tionscal cruach agus miotal atá iomaíoch agus dícharbónaithe a chinntiú

    Chuir an Coimisiún i láthair an straitéis um an aontas coigiltis agus infheistíochta chun deiseanna airgeadais a fheabhsú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí

  8. Feabhra 2025

    Seoladh tionscnamh InvestAI chun infheistíocht €200 billiún san intleacht shaorga a shlógadh

    Cuireadh i láthair an chéad phacáiste tograí chun an rómhaorlathas a laghdú agus an timpeallacht ghnó a shimpliú

    Glacadh an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne chun costais fuinnimh a laghdú do theaghlaigh agus do thionscail

    Seoladh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan ar mhaithe le hiomaíochas agus dícharbónú an Aontais

  9. Eanáir 2025

    Seoladh an t-idirphlé straitéiseach maidir le todhchaí an tionscail mótarfheithiclí

    Cuireadh i láthair an compás iomaíochais chun borradh a chur faoi rathúnas inbhuanaithe an Aontais

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Teresa Ribera Rodríguez

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch

Portrait of Henna Virkkunen

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas

Portrait of Roxana Mînzatu

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht

Portrait of Valdis Dombrovskis

An Coimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht; Cur Chun Feidhme agus Simpliú

Portrait of Wopke Hoekstra

Coimisinéir um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan

Portrait of Ekaterina Zaharieva

An Coimisinéir um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Thaighde agus Nuálaíocht