[go: up one dir, main page]

Jump to content

Helen McEntee

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eiléana Nic an tSaoi)
Infotaula de personaHelen McEntee

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Meitheamh 1986
38 bliana d'aois
An Uaimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Aire gan cúram
25 Samhain 2022 – 1 Meitheamh 2023
An tAire Dlí agus Cirt
1 Samhain 2021 – 25 Samhain 2022
← Heather HumphreysHeather Humphreys →
Aire gan cúram
27 Aibreán 2021 – 1 Samhain 2021
An tAire Dlí agus Cirt
27 Meitheamh 2020 – 27 Aibreán 2021 (saoire mháithreachais)
← Charles FlanaganHeather Humphreys →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Teachta Dála
27 Márta 2013 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile an Chaisleáin
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairShane McEntee

Twitter: HMcEntee Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála don Mhí Thoir (Dáilcheantar) í Helen McEnteeEiléana Nic an tSaoi (a rugadh ar an 8 Meitheamh 1986).[1]

2017
2020
2024

Tá céim ag McEntee san Eacnamaíocht, Polaitíocht agus Dlí ó DCU.

Toghadh McEntee go Dáil Éireann den chéad uair i bhfothoghchán i Márta 2013. Iníon í leis an iarTheachta Dála Shane McEntee agus tháinig sí i gcomharbacht air tar éis gur chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 2012.[1]

Bhí sí ina ball den Choiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid agus den Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus an Ghaeltacht freisin.

Cheap an Taoiseach Enda Kenny í ina hAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mBealtaine 2016 mar chuid den Rialtas Comhpháirtíochta.

I Meitheamh 2017, mar chuid d’atheagar rialtais leis an Taoiseach nuacheaptha, Leo Varadkar T.D., tugadh ardú céime don Aire Nic an tSaoi chuig post an Aire Stáit le freagracht as Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.[1]

I mí Lúnasa 2024, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur den riachtanas comhlachtaí meán sóisialta gan neamhshuim a dhéanamh de bhagairtí a dhéantar ar dhaoine ar líne agus gur chóir dóibh a leithéidí a bhaint anuas a thúisce is féidir.[2] Thug sí le fios nach bhféadfaí brath a thuilleadh ar chomhlachtaí meán sóisialta le hiad féin a rialáil agus dúirt go raibh Éire ar cheann den bheagán tíortha a bhfuil Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne acu. Ba cheart pionós dian a ghearradh ar na comhlachtaí sin, arsa sí, mura rachaidh siad i ngleic le hábhar urchóideach agus mídhleathach.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "Eiléana Nic an tSaoi" (ga). www.gov.ie (2020-06-27). Dáta rochtana: 2024-08-07.
  2. Ag trácht a bhí sí ar an mbagairt a rinneadh ar Instagram ar an Taoiseach Simon Harris, ar a bhean chéile agus ar a gclann
  3. Nuacht RTÉ (2024-08-07). "'Ní thig le comhlachtaí meán sóisialta iad féin a rialáil' – Aire" (as ga-IE).