An Aetóip
An Aetóip | |||||
---|---|---|---|---|---|
የኢትዮጵያ ፌዴራላዊ ዲሞክራሲያዊ ሪፐብሊክ (am) Federaalawaa Dimokraatawaa Repabliikii Itoophiyaa (om) ናይኢትዮጵያ ፌዴራላዊ ዴሞክራሲያዊ ሪፐብሊክ (ti) | |||||
|
|||||
Aintiún | Whedefit Gesgeshi Woude Henate Ethiopia | ||||
Mana | «Land of origins» «Gwlad y tarddu» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Adas Ababa | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 128,691,692 (2023) | ||||
• Dlús | 116.54 hab./km² | ||||
Déamainm | Aetópach | ||||
Teanga oifigiúil | an Amairis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thoir | ||||
Achar dromchla | 1,104,300 km² | ||||
Pointe is airde | Ras Dashen (en) (4,533 m) | ||||
Pointe is ísle | Danakil Depression (en) (−125 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 12 Meán Fómhair 1974: (Derg) 28 Bealtaine 1991: (Transitional Government of Ethiopia (en) ) 21 Lúnasa 1995: (Bunreacht na hAetóipe 1995) | ||||
Éarlamh | Naomh Seoirse | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht chónaidhme | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hAetóipe | ||||
Comhlacht reachtach | Federal Parliamentary Assembly (en) | ||||
• Uachtarán na hAetóipe | Taye Atske Selassie (en) (2024–) | ||||
• Príomh-Aire na hAetóipe | Abiy Ahmed (2018–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 111,261,882,913 $ (2021) | ||||
Airgeadra | birr | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .et | ||||
Glaochód | +251 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 911, 907, 939 agus 991 | ||||
Cód tíre | ET |
Is tír san Afraic í Poblacht Dhaonlathach Fheidearálach na hAetóipe, nó an Aetóip de ghnáth. Tá an Aetóip in oirthuaisceart na hAfraice, sa limistéar ar a dtugtar Corn na hAfraice[1]. Ba é Abyssinia an t-ainm a bhí uirthi níos luaithe.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Aetóip an dara tír is mó daonra san Afraic, agus í ar an náisiún neamhspleách is sine chomh maith.
Tá an tír, ina bhfuil daonra os cionn 80 milliún duine, timpeall 15 uair méid na hÉireann, agus tá timpeall 85% dá dhaonra ina gcónaí i gceantair tuaithe.
Is í Adas Ababa (nó Addis Ababa as Béarla) príomhchathair na tíre.
Tá teorainneacha aici leis an Eiritré, Djibouti, an tSomáil, an Chéinia agus an tSúdáin.
Tosaíonn an Níl Ghorm san Aetóip.
Aeráid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is báisteach thaomach a bhíonn i gcuid mhaith den tír, rud a fhágann go mbíonn neamhshláine bia i gceist i gcónaí i gcuid mhaith den tír.
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Amáiris (አማርኛ āmariññā) an teanga is tábhachtaí san Aetóip agus an t-aon teanga amháin a bhfuil stádas oifigiúil aici ar fud na tíre.
Tháinig an phrótatheanga ar an bhfód in Oirthuaisceart na hAfraice b'fhéidir. Tá scoláirí áirithe, cosúil le hIgor Diakonov agus Lionel Bender, den tuairim sin: san Aetóip, tá réimse leathan teangacha fós ann inniu, agus iad á labhairt go tiubh in aice le chéile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh an tImpire Menelik IIan Adas Ababa sa bhliain 1886.
Ar 7-10 Eanáir, 1936, fuair arm na hIodáile an ceann is fearr ar na hAetópaigh i gcath Ganale Doria i ndeisceart na hAetóipe. Ar feadh 10-15 Feabhra, bhí frithionsaí ó na hAetópaigh ar arm na hIodáile i gCath Amba Aradam, ach bhí an bua i gcónaí ag na hIodálaigh. Ar 5 Bealtaine, ghabh arm na hIodáile an phríomhchathair, Adas Ababa.
I ndeireadh na dála, ní raibh aon tairbhe le hiarrachtaí na hIodáile impireacht a bhunú. Ba thréimhse fhuilteach agus náireach í i stair na hIodáile.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]In ainneoin go raibh fadhbanna suntasacha acu sna 1980idí, tá an Aetóip tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le laghdú na bochtaineachta agus brostú fáis agus forbartha geilleagraí[2].
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Reidy, Frank - Seal san Aetóip[3]: Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |