[go: up one dir, main page]

Jump to content

5 Eanáir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
<<   Eanáir   >>
Lu Ao Sa Do
1 2 3 4 5 6 7
8 9 10 11 12 13 14
15 16 17 18 19 20 21
22 23 24 25 26 27 28
29 30 31
2024
Laethanta na bliana go léir

Is é an 5 Eanáir an cúigiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 360 lá fágtha sa bhliain nó 361 i mbliain bhisigh.

Daoine a rugadh ar an lá seo

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine a fuair bás ar an lá seo

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imeachtaí Eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • 1907 - D'oscail Cumann Ríoga Gluaisteán na hÉireann an chéad taispeántas gluaisteán riamh in Éirinn san RDS. Thosaigh seirbhís tacsaí i mBÁC ag an am céanna.
  • 1911 - Tháinig agóideoirí Protastúnacha le chéile i Halla Tionóil Bhéal Feirste le cur in aghaidh Ne Temere, riail na hEaglaise Caitlicigh sa bhliain 1907.[1]
  • 1953 - Thuairteáil eitleán (Vickers Viscount) de chuid na haerlíne British European Airways in aerfort Choirnéal Nutt, Béal Feirste. Fuair seachtar daoine fichead bás sa timpiste. Tháinig ochtar eile slán. Ba í seo an tuairt eitleáin ba mheasa riamh i stair Thuaisceart Éireann.[2] D'imigh an píolóta thar an rúidbhealach srl. Iomrall tromchúiseach breithiúnais a rinne an píolóta.
  • 1976 - Tharla Sléacht Mhuileann Ching; maraíodh deichniúr oibrí Protastúnacha .ag Muilte Ching i gContae Ard Mhacha.
  • 1981 - In ainneoin na n-agóidí, d'fhógair Aontas Rugbaí na hÉireann go raibh siad le dul go dtí an Afraic Theas le cluiche a imirt in aghaidh na foirne náisiúnta ansin, na Springboks, cé go raibh an apairtéid i réim sa tír sin i gcónaí.
  1. "Ne Temere" (as en) (2020-12-24). Wikipedia. 
  2. "Belfast telegraph". www.pressreader.com (2013-01-05). Dáta rochtana: 2020-01-05.