Texas
Ceann de na 50 stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Texas. Bunaíodh 'Poblacht Texas" in 1836 agus d'ionghabh na Stáit Aontaithe Texas sa bhliain 1845.
Texas | |||||
---|---|---|---|---|---|
State of Texas (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | Texas, Our Texas (1929) | ||||
Mana | «Friendship» | ||||
Siombail oifigiúil | Magadóir | ||||
Leasainm | The Lone Star State | ||||
Ainmnithe in ómós | cara | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Príomhchathair | Austin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 29,145,505 (2020) | ||||
• Dlús | 41.86 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 9,906,070 (2020) | ||||
Teanga oifigiúil | luach ar iarraidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha | ||||
Achar dromchla | 696,241 km² | ||||
• Uisce | 2.74 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Murascaill Mheicsiceo agus Río Bravo | ||||
Airde | 520 m | ||||
Pointe is airde | Guadalupe Peak (en) (2,667 m) | ||||
Pointe is ísle | Murascaill Mheicsiceo | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Texas | ||||
Cruthú | 29 Nollaig 1845 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Texas | ||||
Comhlacht reachtach | Reachtas Texas | ||||
• Gobharnóir Texas | Greg Abbott (2015–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Texas | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | US-TX | ||||
ID GNIS | 1779801 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | texas.gov |
Tháinig ainm an stáit as an teanga Caddo, teanga bhundúchasach Mheiriceánach a bhí á labhairt ag na Hasinai. Comhghuaillíocht de threibheacha ab ea na Hasinai agus an teanga seo á labhairt acu. Is é is brí leis an bhfocal táyshaʔ sa teanga seo ná "cara", agus nuair a chuir na Meicsicigh iarmhír na huimhreach iolra leis, fuarthas Texas nó Tejas.
Stair
cuir in eagarThosaigh Réabhlóid Texas[1] ar 2 Deireadh Fómhair 1835 agus mhair an cogadh seacht mhí. Tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíochta agus an rialtais.[2]
Bunaíodh "Poblacht Texas" ar an 2 Márta 1836[3] nuair a d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil.
Ag an am céanna, rinne an t-arm Meicsiceach, faoi Antonio López de Santa Anna, léigear ar an Alamo agus ar 6 Márta 1836, rinneadh slad ar na “Texian” a bhí ann, ina measc Davy Crockett, laoch pobail na Stát Aontaithe. Chuir an t-ionsaí uafás ar mhuintir na háite ag an am.
Cloíodh an t-arm Meicsiceach sa Chath San Jacinto ar an 21 Aibreán 1836.
Bhí Poblacht Texas ann ar feadh tréimhse deich mbliana, go dtí gur ionghabh na Stáit Aontaithe an stát agus gur ligeadh isteach san Aontas é.[2]
Tíreolaíocht Texas
cuir in eagarIs é Texas an dara stát is mó sna Stáit Aontaithe de réir a achair (tá Alasca níos mó) agus de réir an daonra (tá California níos mó).
Is í Austin príomhchathair Texas, ach is í Houston an chathair is mó. Ainmníodh an dá chathair as daoine de bhunaitheoirí an stáit, is é sin, Stephen Fuller Austin, "athair Texas", agus Sam Houston, a chaith dhá sheal ina Uachtarán ar Texas nuair a bhí sé ina Phoblacht neamhspleách. Tá duine as gach beirt in Texas ina gcónaí i ndúiche cathrach Houston nó i ndúiche cathrach Dallas-Fort Worth.
Úsáidtear an giorrúchán TX don phost.
Contaetha i Texas
cuir in eagarGeilleagar
cuir in eagarIs iad an dá thionscal is mó a thuilleann clú do Texas ná an fuinneamh (giniúint chumhachta agus scagaireacht artola) agus an aerloingseoireacht (NASA).
Iompar
cuir in eagarRialaíonn Roinn Iompair Texas (TxDOT) bóithre, eitleoireacht agus córais iompair poiblí sa stát. Is é Aerfort Idirnáisiúnta Dallas/Fort Worth, lonnaithe leath bealaigh idir Dallas agus Fort Worth, an t-aerfort is mó sa stát, an dara is mó sna Stáit Aontaithe, agus an ceathrú is mó ar domhan. An dara aerfort is mó sa stát ná Aerfort Idirilchríochach George Bush i Houston.
Freastalaíonn trí sheirbhís Amtrak ar Texas:
- An Texas Eagle idir Chicago agus San Antonio,
- An Sunset Limited idir New Orleans agus Los Angeles,
- An Heartland Flyer idir Fort Worth agus Cathair Oklahoma.
Is é Calafort Houston ceann de na calafoirt is mó ar domhan. Tá faid 80 ciliméadar aige, agus is é an dara calafort is gnóthaí sa tír ó thaobh tonnáiste de i ndiaidh Calafort Louisiana Theas.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Texas Revolution" (as en) (2023-02-06). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (Luimneach) (2 Márta 2023). "Cothrom an Lae" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-03-09.
- ↑ KnowInsiders. "Texas Independence Day (March 2): History, Celebration" (en). KnowInsiders. Dáta rochtana: 2022-03-02.
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|