Scota
I Miotaseolaíocht na nGael, idir Éireannach agus Albanach, is iad Scota agus Scotia ainmneacha beirt iníonacha miotasacha de bheirt Fharónna na hÉigipte.[1] Cé nach bhfuil na seanscéalta ar aon intinn ó thaobh sonraí de, tá siad ar aon ghuth gur shinsear na nAlbanach í Scota éigin. Rianaigh siad a nginealach siar go hionróirí Éireannacha darbh ainm Scotti, a lonnaigh sna ceantair Argyll agus Caledonia, áiteanna a bhfuil aitheanta anois orthu (as Béarla) mar Scotland, ainmnithe as a bhunaitheoir.
Luath-Fhoinsí
cuir in eagarIs é san Historia Brittonum ón 11ú haois a fhaightear an lua is luaithe ar Scota sna seanscéalta,[2] in ainneoin nár rianaigh Edward J. Cowan í go dtí an 12ú haois.[3] Tá sí ann i n-atheagar an Leabhar Gabhála na hÉireann a caomhnaítear sa leabhar oiris, an Leabhar Laighneach.[4]
Insítear sna foinsí ón 12ú haois gurbh iníon Fharó Eigipte í, ar chomhaois le Maois. Phós sí Goídel Glas, bunaitheoir eapainmneach na nGael (idir Éireannach agus Albanach) tar éis dó curtha ar deoraíocht ón Éigipt.[5] Caomhnaítear i lámhscríbhinní eile den Leabhar Gabhála, leagan eile ina insítear gurbh fhear céile Scota é Míl Espáine, nasctha leis An n-Íbéir.[6]
Tá leagan eile fós ann sa Leabhar Gabhála ina bhfuil Scota eile le fáil. Is iníon í an Scota seo d'Fharó Éigipte eile darbh ainm Cingris, ainm nach gcaomhnaítear ach i seanscéal na nGael. Phós sí Niul mac Fénius Fársaid, Bablóinis agus scoláire na dteangancha, a chuaigh go dtí an Scitia tar éis titim an Túir Bháibil. Ba mhac é Goídel Glas den phósadh sa leagan seo.
Foinsí eile na meánaoise
cuir in eagarTá Scota agus miotas bunúsach na hAlban luaite chomh maith i:
- Orygynale Cronykil of Scotland le Andrew of Wyntoun
- Chronica Gentis Scotorum (1385) le John of Fordun
- Scalacronica (1362) le Thomas Grey'
- Historia Gentis Scotorum (16ú haois) le Hector Boece
- Scotichronicon (15ú haois) le Walter Bower; chéad léaráid an tseanscéil.
Uaigh Scota
cuir in eagarDeirtear go bhfuil Uaigh Scota le fáil i ngleann ó thaobh dheas de Thrá Lí, Contae Chiarraí. Gleann Scoithín[7] is ainm don áit, ach Foley's Glen a thugtar uirthi anois go minic (Foley's Glen ar maps.google). Tá sruthán ann agus bóithrín ar a bhruach, a thugann aghaidh ar paiste ina bhfuil liagchiorcal ar shuíomh na huaighe, mar a thugann comhartha bóthair le fios.
Foinsí
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann [1]
- Foras Feasa ar Éirinn [2]
- Seumas MacManus, The Story of the Irish Race (February 1970 The Devin-Adair Company New York)
- Seumas MacManus, The Story of the Irish Race (Leagan 1990 clóite ag Wings Books)
- Annála na gCeithre Máistrí (1616–1636, Dún na nGall)
- Benedict Fitzpatrick (1901–1963), "Ireland and the Foundations of Europe"
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Lennon, Joseph (2008). "Irish Orientalism: A Literary and Intellectual History" (as en). Syracuse University Press. Dáta rochtana: 14 June 2018.
- ↑ The Irish identity of the kingdom of the Scots in the 12th and 13th centuries, Dauvit Broun, Boydell & Brewer Ltd, 1999, lch. 78.
- ↑ Myth and Identity in Early Medieval Scotland, EJ Cowan, Scottish Historical Review lxiii, No. 176 (Oct. 1984) ll. 111–35.
- ↑ "Lebor Gabála Érenn".
- ↑ W. Matthews, "The Egyptians in Scotland: the Political History of a Myth", Iml. 1 (1970), ll. 289–306.
- ↑ A dictionary of Celtic mythology, James MacKillop, Oxford University Press, 2004, lch. 330.
- ↑ Gleann Scoithín ar logainm.ie; scoth bheag, bláithín