[go: up one dir, main page]

Nora Barnacle

céile James Joyce

Bean chéile agus bé an scríbhneora chlúitigh Éireannaigh James Joyce ab ea Nora Barnacle. (Márta 1884 - Aibreán 1951) Iníon báicéara as Conamara na Gaillimhe a bhí inti, a chas ar Joyce den chéad uair i mBaile Átha Cliath ar an 10 Meitheamh 1904. Bhunaigh Joyce a shárshaothar Ulysses ar an 16 Meitheamh 1904, an lá ar chuir an bheirt tús lena gcaidreamh rómánsach. Ach níor thaitin an leabhar conspóideach léi. Tharraing a gcuid litreacha gnéis follasacha aird fhorleathan, go háirithe mar d'easaontaigh Joyce le teanga gháirsiúil de ghnáth. Is minic a dhíoltar iad ar phraghsanna arda ag ceantanna. Díoladh litir earótach ó Joyce go Barnacle ag Sotheby's ar £240,800 sa bhliain 2004.

Infotaula de personaNora Barnacle

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1884
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Aibreán 1951
67 bliana d'aois
Zürich, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Fluntern Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileJames Joyce (1931–1941) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíJames Joyce Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLucia Joyce
 ( James Joyce)
Giorgio Joyce
 ( James Joyce) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0055366 Find a Grave: 1454 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá go leor suime ag an bpobal i saol Barnacle agus Joyce le chéile. Léiríodh dráma, Nora Barnacle le Maureen Charlton, faoina gcaidreamh sa bhliain 1980. Scríobh Brenda Maddox beathaisnéis uirthi darb ainm Nora: A Biography of Nora Joyce, i 1998 agus cuireadh an leabhar in oiriúint don scáileán mar scannán Éireannach, darbh ainm Nora, Pat Murphy a stiúraigh agus ba iad Susan Lynch agus Ewan McGregor na príomhcharachtair.