Laibhe
Carraig dhoigheartha, brúchta ag bolcán, nó trí ghág i ndromchla an Domhain nó grinneall na farraige. Úsáidtear an téarma seo, is cuma an leachtach nó soladach an charraig, ach roimh theacht di i dteagmháil le haer, tugtar magma uirthi. Téitear an magma trí mheath radaighníomhach i gcroíleacán an Domhain, agus tagann sé don dromchla ina shreabh comhiompair. Teocht 900-1100 °C a bhíonn ag an laibhe leachtach, ag brath ar a comhdhéanamh. Ag an teocht íseal, bíonn an laibhe slaodach agus ní ritheann go maith. Ag an teocht ard, le slaodacht níos lú, ritheann an laibhe go maith agus ní bhíonn fánaí an bholcáin sin róghéar. Silice is ocsaídí miotal is mó a bhíonn i laibhe, agus calcann sí ina basalt, ina haindeisít nó ina ríolaít.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Laibhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 391.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |