[go: up one dir, main page]

George Ramsay

imreoir sacair Albanach

Imreoir sacair Albanach ab ea George Burrell Ramsay (4 Márta 1855 — 7 Deireadh Fómhair 1935[1]). Bhí George ina rúnaí agus ina bhainisteoir ar Aston Villa F.C sa tréimhse is rathúla dá stair. Níl a curiarracht de shé Chraobh na Sraithe agus sé Chorn FA sa dara háit ach ag Arsène Wenger, a bhuaigh seacht gCorn FA. Tá cur síos air mar an chéad bhainisteoir sacair íoctha ar domhan.[2]

Infotaula de personaGeorge Ramsay

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Márta 1855
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Deireadh Fómhair 1935
80 bliana d'aois
Llandrindod, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtAlbain Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtIonsaitheoir
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1874–1882 Aston Villa Football Club Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
Aston Villa Football Club Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh Ramsay ag Abbotsford Place i gCeantar Tradeston i nGlaschú.[3] Ba as Perthshire a athair William Ramsay. Rugadh a mháthair in Woolwich.

Tháinig an tAlbanach go Birmingham timpeall 1871 chun obair mar chléireach i dteilgcheárta práis.

Gairm imeartha

cuir in eagar

Sula ndeachaigh sé le Aston Villa, bhí Ramsay ag imirt do Glasgow Rovers[4]. I 1877 d’imir sé do chlub na Breataine Bige Druids mar aoi, nuair a d’imir siad cluiche i gcoinne Queens Park.[5] Tháinig Ramsay chun páirt a ghlacadh in Aston Villa beagnach trí thimpiste. I láthair ar chluiche cleachtais imreoirí Villa i bPáirc Aston i 1876, iarradh air na huimhreacha a dhéanamh suas. An-tógtha lena scileanna, thug imreoirí Villa cuireadh dó a bheith páirteach sa chlub, agus ba ghearr go raibh sé ina chaptaen.[6] Rinne Ramsay cur síos ina dhiaidh sin ar chur chuige an chlub nuabhunaithe i leith an chluiche mar ‘rith ag an fear agus cic ag an liathróid’.[7]

D’aimsigh Ramsey, in éineacht le John Lindsay, Wellington Road, Perry Barr i 1876. Cheannaigh an club an ait mar páirc baile, agus cheadaigh an éadáil seo don chlub ioncam a thuilleamh ó tháillí iontrála. Bhí sé freagrach freisin as earcú an fhinscéal Villa Archie Hunter. D'imir Villa ag Wellington ar feadh 21 bliana sular bhog sé go tailte ióchtaracht Aston gar do Halla Aston i 1897.

Bhuaigh Villa a céad trófaí, an Birmingham Senior Cup í 1880, faoi captaenacht Ramsey. Thug Ramsey an captaenacht do t-Albanach Archie Hunter an céad séasúr eíle.

Gairm bánisteoireacht

cuir in eagar

I mí an Mheithimh 1882, d’fhulaing Ramsey gortú glúine i gcluiche i gcoinne Notts Forest. Chuir an díobháil iallach ar Ramsey scor den iomaíocht ghníomhach, ach d’fhan sé ar choiste Villa. Tar éis don sacar dul gairmiúil, d’fhostaigh Villa Ramsey mar a bainisteóir tar éis ag fógairt an post sa núachtan. Mar thoradh air sin, measadh gurbh é Ramsey an chéad bhainisteoir sacair proifisiúnta[8]. Bhí an ról a líon Ramsey difriúil go mór ná bainisteoir an lae inniu, agus thagair Villa ar dtús do Ramsey mar rúnaí. Rinne Ramsey rialú ar earcaíochtaí agus aistrithe, agus ba iad baill an choimisiúin a shocraigh an bhileog foirne seachtainiúil.

Le linn a shlí bheatha 42 bliana mar bhainisteoir, threoraigh Ramsay Villa go 6 theideal do Chorn an FA agus 6 bhua sa tSraith Peile, rud a fhágann gurb iad an club is mó i Sasana iad. Dúirt Ramsey ina dhiaidh sin faoina shlí bheatha le Villa: "Chuir mé dearcán agus d'fhás mé crann darach[9]".

Chuaigh Ramsey ar scor mar bhainisteoir 1926 ag 71 bliana d’aois, ag bogadh go ról Leas-Uachtarán agus comhairleoir. Tháinig W.J. Smith ina áit sa ról ach bhí sé beagáinín níos islé, agus é sa dara háit sa tSraith faoi dhó ach gan aon ghradam suntasach a bhaint amach.

I 1934, d’éirigh Smith as a phost, agus Jimmy McMullen ina áit.

Fuair Ramsey bás an bhliain dár gcionn ag aois 80. Laistigh de bhliain tar éis a bháis, bhí Villa curtha ar ais chuig an dara roinn. I rith a saor, chaith Ramsey 59 bliana leis Villa, mar imreoir agus mar bainisteoír.

Leagadh Ramsay chun sosa in Eaglais Naomh Muire, Handsworth, léann a leac uaighe "Bunaitheoir Aston Villa"[10].

Oidhreacht

cuir in eagar

Meastar go dtí seo, gairme Ramsey le Aston Villa, a “ré Órga”, agus Ramsey chun tosaigh i rith an ama.

  1. "George Ramsay" (as en) (2021-02-22). Wikipedia. 
  2. Stuart Spencer. "George Ramsay – The World’s First Football Manager | Scottish Football Museum" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-22. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  3. "ScotlandsPeople" (en). ScotlandsPeople. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  4. "Register | British Newspaper Archive". www.britishnewspaperarchive.co.uk. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  5. "Register | British Newspaper Archive". www.britishnewspaperarchive.co.uk. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  6. Aston Villa Football Club. "Mens | AVFC". Aston Villa Football Club | The official club website | AVFC. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  7. "George Ramsay". Spartacus Educational. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  8. "Book sources" (as en) . Wikipedia. 
  9. "Book sources" (as en) . Wikipedia. 
  10. "George Ramsay – The World’s First Football Manager". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-22. Dáta rochtana: 2021-02-24.