Domhnach Broc
Is ceantar cathrach é Domhnach Broc[1] (Donnybrook as Béarla) atá suite i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Tá an ceantar suite i gceantar poist Bhaile Átha Cliath a Ceathair, agus is minic a thugtar le fios go bhfuil "meon BhÁC 4" - scothaicmeachas agus Gallbhá - láidir i nDomhnach Broc. Mar sin, tugann Gaeilgeoirí áirithe Domhnach Brocach ar an áit uaireanta.
Domhnach Broc | ||||
---|---|---|---|---|
Donnybrook (en) Domhnach Broc (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 11 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411659 |
Tá ceanncheathrúna a lán eagraíochtaí éagsúla lonnaithe i nDomhnach Broc, ar nós Raidió Telefís Éireann (RTÉ), chomh maith le ceanncheathrú rugbaí Chúige Laighean. Tá príomhoifigí Chumann Rugbaí na hÉireann ag obair os comhair an staidiam i nDomhnach Broc, agus foireann rugbaí Laighean ag imirt a gcluichí baile sa staidiam.
Stair
cuir in eagarCiallaíonn Domhnach Broc Cill Naomh Broc. Bean de sheachtar iníonacha Dhallbhronaigh ó Chontae na Mí ab ea Broc. Deirtear gur bhunaigh Broc clochar ar bhruach na Dothra san ochtú haois, agus tá stáisiún na nGardaí agus reilig suite ansin anois.
I ngnáthchaint an Bhéarla, baintear úsáid as leagan Béarla an logainm, Donnybrook, le tagairt do chíréibí is do scliúchais. Creidtear gurbh é aonach Dhomhnach Broc is bunús don fhocal seo. Bhí aonach aithnidiúil i nDomhnach Broc ón meánaois i leith, ach má bhí, chuala an saol mór iomrá ar an meisceoireacht a bhain leis an aonach agus ar an mbruíonachas is ar an mbrilsce a tháinig sna sálaí ag an meisce. Bhí an foréigean chomh dona is gur éiligh an Eaglais Chaitliceach cosc a chur leis an aonach, agus sa bhliain 1855, tháinig deireadh leis. Níl de chuimhne ar an aonach inniu ach ainm an ollmhargaidh úd Donnybrook Fair.
Áitritheoirí Cáiliúla
cuir in eagarScríbhneoirí
cuir in eagar- Patrick Kavanagh
- Anthony Trollope
- Flann O'Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin; bhí sé ina chónaí ar Ascaill Belmont.
- Benedict Kiely
- Padraic Colum
- Breandán Ó Beacháin
- Denis Johnston agus a bhean chéile Shelah Richards
Daoine eile
cuir in eagar- Jack B. Yeats
- Sir Ernest Henry Shackleton
- John Boyd Dunlop (an bonn rúibéar)
- Guglielmo Marconi
- Eamon de Valera (Úachtarán na hÉireann)
- Pádraig Anraí Mac Piarais
- An Raghaille
- Mícheál Seán Ó Coileáin
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Domhnach Broc/Donnybrook | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-10.